+Airteagal 12c Dliteanais incháilithe le haghaidh eintitis réitigh
---+Airteagal 12c 1.
---+Airteagal 12c 2.
---+Airteagal 12c 3.
---+Airteagal 12c 4.
---+Airteagal 12c 5.
---+Airteagal 12c 6.
---+Airteagal 12c 7.
---+Airteagal 12c 8.
---+Airteagal 12c 9.
|
Airteagal 12c Dliteanais incháilithe le haghaidh eintitis réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12c 1.
|
Ní chuimseofar dliteanais i méid chistí dílse agus dhliteanas incháilithe na n-eintiteas réitigh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
(b)
Airteagal 72b, cé is moite de phointe (d) de mhír 2; agus
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina dtagraítear sa Rialachán seo do na ceanglais atá in Airteagal 92a nó in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chun críocha na nAirteagal sin, is éard a bheidh i ndliteanais incháilithe dliteanais incháilithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 72k den Rialachán sin agus mar a chinntear iad i gcomhréir le Caibidil 5a de Theideal I de Chuid a Dó den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 12c 2.
|
I dtaca le dliteanais a eascraíonn as ionstraimí fiachais ina bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, amhail nótaí struchtúrtha, a chomhlíonann na coinníollacha atá sa chéad fhomhír de mhír 1, cé is moite de phointe (l) d'Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní áireofar iad i suim na gcistí dílse agus dliteanais incháilithe ach i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is eol roimh ré príomhshuim na ndliteanas a eascraíonn as an ionstraim fiachais an tráth a eisítear í, tá sí socraithe, nó ag méadú, agus níl aon bheann uirthi ag gné díorthach leabaithe, agus is féidir méid an dliteanais a eascraíonn as an ionstraim fiachais, lena n-áirítear an díorthach leabaithe, a luacháil ar bhonn laethúil i leith margadh dhá threo gníomhach agus leachtach d'ionstraim choibhéiseach gan riosca creidmheasa, i gcomhréir le hAirteagail 104 agus 105 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; nó
(b)
áirítear mar chuid den ionstraim fiachais téarma conarthach ina sonraítear, i gcásanna dócmhainneachta an eisitheora agus i gcásanna réitigh an eisitheora, go bhfuil luach an éilimh socraithe nó ag méadú, agus nach dtéann sé níos airde ná an tsuim tosaigh a íocadh i leith an dliteanais.
I dtaca le hionstraimí fiachais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear a gcuid díorthach leabaithe, ní bheidh siad faoi réir aon chomhaontú glanluachála agus ní bheidh luacháil ionstraimí den sórt sin faoi réir Airteagal 49(3) de Threoir 2014/59/AE. Ní chuimseofar na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe ach i gcás na coda a chomhfhreagróidh don phríomhshuim dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír sin nó don tsuim shocraithe nó mhéadaitheach dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin.
|
|
Airteagal 12c 3.
|
Maidir le dliteanais arna n-eisiúint ag fochuideachta atá bunaithe san Aontas do scairshealbhóir atá ann cheana nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é, agus ar cuid den ghrúpa réitigh céanna leis an eintiteas réitigh an fhochuideachta sin, cuimseofar na dliteanais sin i méid chistí dílse agus dhliteanas incháilithe an eintitis réitigh sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
déantar iad a eisiúint i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12g(2);
(b)
nach ndéantar difear, le feidhmiú na cumhachta díluachála nó comhshó maidir leis na dliteanais sin i gcomhréir le hAirteagal 21, don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;
(c)
nach mó iad ná an méid a chinntear trí:
(i)
shuim na ndliteanas a eisítear don eintiteas réitigh agus a cheannaíonn an t-eintiteas réitigh sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna agus méid na gcistí dílse a eisítear i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 12g(2) a bhaint den
(ii)
mhéid is gá i gcomhréir le hAirteagal 12g(1).
|
|
Airteagal 12c 4.
|
Gan dochar don íoscheanglas atá in Airteagal 12d(4) nó pointe (a) d'Airteagal 12e(1), áiritheoidh an Bord, ar a thionscnamh féin i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta nó ar mholadh ó údarás réitigh náisiúnta, go ndéanfaidh eintitis réitigh ar GSIInna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) nó (5) iad, cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f, cuid atá comhionann le 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-airítear cistí dílse, de chuid eintitis réitigh a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin agus le hionstraimí, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an Bord a cheadú go gcomhlíonfaidh údaráis réitigh ar GSIInna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) nó (5) iad, leibhéal is ísle ná 8 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse, de chuid eintitis réitigh ach is airde ná an méid is toradh do chur i bhfeidhm na foirmle (1-X1/X2) × 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, de chuid eintitis réitigh a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin agus le hionstraimí, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás, agus teorann chionroinnt an laghdaithe is ceadmhach faoi Airteagal 72b(3) den Rialachán sin á hurramú, inar fíor an méid a leanas:
X1 = 3,5 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
X2 = suim 18 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus méid an cheanglais maoláin chomhcheangailte.
I dtaca le heintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4), i gcás inar ceanglas is airde ná 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca is toradh do chur i bhfeidhm na fomhíre roimhe seo, teorannóidh an Bord, le haghaidh eintitis réitigh, an chuid sin den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f a chomhlíonfar trí chistí dílse, trí ionstraimí fo-ordaithe incháilithe, nó trí dhliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a úsáid, chuig méid atá comhionann le 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca, agus déanfaidh an Bord an teorannú sin má mheasann sé gur fíor an méid seo a leanas:
(a)
ní mheastar go bhfuil an rogha ann an t-eintiteas réitigh sin a réiteach sa phlean réitigh trí rochtain a thabhairt ar an gCiste, agus
(b)
i gcás nach mbeidh feidhm ag pointe (a), ligtear don eintiteas réitigh, de bhíthin an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 12f, an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 27(7) a chomhlíonadh.
Agus an measúnú dá dtagraítear sa dara fhomhír á dhéanamh aige, déanfaidh an Bord an riosca maidir le tionchar díréireach ar mhúnla gnó an eintitis réitigh lena mbaineann a chur san áireamh. Níl feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir le heintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(5).
|
|
Airteagal 12c 5.
|
I gcás eintitis réitigh nach GSIInna ná eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) nó (5) den Rialachán seo iad, féadfaidh an Bord a chinneadh, ar a thionscnamh féin i ndiaidh dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta nó ar mholadh ó údarás réitigh náisiúnta, go gcomhlíonfaidh siad cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f den Rialachán seo suas le cibé acu is airde, 8 % de dhliteanais iomlána an eintitis nó na foirmle dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, lena n-áirítear cistí dílse, le cistí dílse, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá an rangú tosaíochta céanna ag dliteanais neamh-fho-ordaithe san ordlathas dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus atá ag dliteanais atá eisiata ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó Airteagal 27(5);
(b)
tá riosca ann, mar gheall ar chur i bhfeidhm pleanáilte cumhachtaí díluachála agus comhshó maidir leis na dliteanais neamh-fho-ordaithe nach bhfuil eisiata ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó Airteagal 27(5), go dtabhóidh creidiúnaithe, ag a bhfuil éilimh a thiocfaidh as na dliteanais sin, caillteanais níos mó ná mar a thabhódh siad dá ndéanfaí foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta;
(c)
níl méid na gcistí dílse agus na ndliteanas fo-ordaithe eile os cionn an méid is gá chun a áirithiú nach dtabhóidh creidiúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) caillteanais os cionn leibhéal na gcaillteanas a thabhóidís, ar shlí eile, dá ndéanfaí an t-eintiteas réitigh a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
I gcás ina gcinnfidh an Bord gurb amhlaidh, laistigh d'aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó é méid na ndliteanas a eisiatar nó a bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar iad ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó Airteagal 27(5), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh sé an riosca dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a mheasúnú.
|
|
Airteagal 12c 6.
|
Chun críocha mhír 4, mhír 5 agus mhír 7, áireofar dliteanais díorthach sna dliteanais iomlán ar an mbonn go dtugtar lánaitheantas do chearta glanluachála contrapháirtí. Cistí dílse de chuid eintiteas réitigh a úsáidtear chun an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh, beidh siad incháilithe chun an ceanglas dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 7 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 12c 7.
|
De mhaolú ar mhír 3 den mhír seo, féadfaidh an Bord a chinneadh gur eintitis réitigh, ar GSIInna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) agus (5) den Rialachán seo iad, a dhéanfaidh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12f a chomhlíonadh, le cistí dílse, le hionstraimí, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a mhéid nach airde suim na gcistí dílse, na n-ionstraimí, ná na ndliteanas sin, mar gheall ar an oibleagáid atá ar an eintiteas réitigh cloí leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte, Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 12d(4), agus Airteagal 12f den Rialachán seo, ná an tsuim is airde díobh seo a leanas:
(a)
8 % de dhliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse an eintitis, nó
(b)
an méid is toradh do chur i bhfeidhm na foirmle A × 2 + B × 2 + C, nuair is iad A, B agus C agus na méideanna seo a leanas:
A = an méid a eascraíonn as an gceanglas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
B = an méid a eascraíonn as an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE;
C = an méid a eascraíonn as an gceanglas maoláin chomhcheangailte.
|
|
Airteagal 12c 8.
|
Féadfaidh an Bord an chumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú ar na heintitis réitigh ar G-SIInna iad nó atá faoi réir mhír (4) nó mhír (5) d'Airteagal 12d, agus a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, ar choinníoll nach mó líon na n-eintiteas réitigh a shainaithnítear ná 30 % de na heintitis réitigh ar G-SIInna iad nó atá faoi réir mhír (4) nó mhír (5) d'Airteagal 12d a gcinnfidh an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f ina leith. Is iad seo thíos na coinníollacha a dhéanfaidh an Bord a mheas:
(a)
táthar tar éis bacainní substaintiúla ar inréiteacht a shainaithint sa mheasúnú inréiteachta roimhe sin, agus:
(i)
ní dhearnadh aon ghníomhaíocht feabhais tar éis chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 10(11), san amlíne a éilíonn an Bord; nó
(ii)
ní féidir aghaidh a thabhairt ar na bacainní substaintiúla a sainaithníodh le haon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 10(11), agus dhéanfaí tionchar diúltach na bacainne substaintí ar inréiteacht a chúiteamh go páirteach nó go hiomlán tríd an gcumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú; nó
(b)
measfaidh an Bord go bhfuil teorainn le hindéantacht agus le creidiúnacht straitéis réitigh tosaíochta an eintitis réitigh, agus aird á tabhairt ar mhéid agus ar idirnascacht an eintitis, ar nádúr, ar raon feidhme, ar riosca agus ar chastacht ghníomhaíochtaí an eintitis, ar a stádas dlíthiúil agus ar a struchtúr scairshealbhóireachta; nó
(c)
is léiriú iad na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE gur G-SII atá san eintiteas réitigh nó go bhfuil sé faoi réir d'Airteagal 12d(4) nó (5) den Rialachán seo agus ar eintiteas é de chuid an 20 % is airde de na hinstitiúidí, i dtéarmaí riosca de, a gcinneann an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) den Rialachán seo ina leith.
Chun críocha na gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfaidh an Bord an uimhir a eascróidh as an ríomh a shlánú suas go dtí an uimhir iomlán is gaire.
|
|
Airteagal 12c 9.
|
Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, déanfaidh an Bord na cinntí dá dtagraítear i mír 5 nó 7. Agus na cinntí sin á ndéanamh aige, beidh aird ag an mBord ar an méid seo a leanas:
(a)
doimhneacht an mhargaidh d'ionstraimí cistí dílse agus d'ionstraimí incháilithe fo-ordaithe an eintitis réitigh, praghsáil na n-ionstraimí sin, i gcás inarb ann dóibh, mar aon leis an am a theastóidh chun idirbhearta a chur i gcrích a bhfuil gá leo chun go gcomhlíonfar an cinneadh;
(b)
méid na n-ionstraimí dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhfuil aibíocht iarmhair acu is giorra ná aon bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an cinneadh d'fhonn coigeartuithe cainníochtúla a dhéanamh ar na ceanglais dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 7 den Airteagal seo;
(c)
infhaighteacht agus líon na n-ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas pointe (d) d'Airteagal 72b(2) den Rialachán sin;
(d)
an suntasach, le hais dliteanais incháilithe agus chistí dílse an eintitis réitigh, líon na ndliteanas a eisiatar ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó, i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó le hAirteagal 27(5) agus a bhfuil a rangú, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta comhionann le rangú na ndliteanas incháilithe is airde, nó a bhfuil a rangú faoi bhun rangú na ndliteanas sin. I gcás nach mó méid na ndliteanas eisiata ná 5 % de mhéid na gcistí dílse agus de mhéid dhliteanas incháilithe an eintitis réitigh, measfar nach suntasach an méid eisiata. Os cionn na teorann sin, déanfaidh an Bord a shuntasaí atá na dliteanais eisiata a mheasúnú.
(e)
samhail ghnó, samhail mhaoinithe, agus próifíl riosca an eintitis réitigh, chomh maith lena chobhsaíocht agus a chumas rannchuidiú leis an ngeilleagar; agus
(f)
an tionchar a bheadh ag costais fhéideartha athstruchtúrúcháin ar athchaipitliú an eintitis réitigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|