+Airteagal 12c 9.

Airteagal 12c 9.

Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, déanfaidh an Bord na cinntí dá dtagraítear i mír 5 nó 7.

Agus na cinntí sin á ndéanamh aige, beidh aird ag an mBord ar an méid seo a leanas:

(a) 

doimhneacht an mhargaidh d'ionstraimí cistí dílse agus d'ionstraimí incháilithe fo-ordaithe an eintitis réitigh, praghsáil na n-ionstraimí sin, i gcás inarb ann dóibh, mar aon leis an am a theastóidh chun idirbhearta a chur i gcrích a bhfuil gá leo chun go gcomhlíonfar an cinneadh;

(b) 

méid na n-ionstraimí dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhfuil aibíocht iarmhair acu is giorra ná aon bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an cinneadh d'fhonn coigeartuithe cainníochtúla a dhéanamh ar na ceanglais dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 7 den Airteagal seo;

(c) 

infhaighteacht agus líon na n-ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas pointe (d) d'Airteagal 72b(2) den Rialachán sin;

(d) 

an suntasach, le hais dliteanais incháilithe agus chistí dílse an eintitis réitigh, líon na ndliteanas a eisiatar ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó, i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó le hAirteagal 27(5) agus a bhfuil a rangú, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta comhionann le rangú na ndliteanas incháilithe is airde, nó a bhfuil a rangú faoi bhun rangú na ndliteanas sin. I gcás nach mó méid na ndliteanas eisiata ná 5 % de mhéid na gcistí dílse agus de mhéid dhliteanas incháilithe an eintitis réitigh, measfar nach suntasach an méid eisiata. Os cionn na teorann sin, déanfaidh an Bord a shuntasaí atá na dliteanais eisiata a mheasúnú.

(e) 

samhail ghnó, samhail mhaoinithe, agus próifíl riosca an eintitis réitigh, chomh maith lena chobhsaíocht agus a chumas rannchuidiú leis an ngeilleagar; agus

(f) 

an tionchar a bheadh ag costais fhéideartha athstruchtúrúcháin ar athchaipitliú an eintitis réitigh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.