+Airteagal 12d 1.

Airteagal 12d 1.

Is é an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, a chinnfidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1), agus déanfaidh sé sin ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a) 

an gá a áirithiú gur féidir an grúpa réitigh a réiteach trí na huirlisí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an uirlis fortharrthála, a chur i bhfeidhm ar an eintiteas réitigh ar chaoi ina gcomhlíonfar na cuspóirí réitigh;

(b) 

an gá a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe leordhóthanacha ag an eintiteas réitigh agus ag a fhochuideachtaí ar institiúidí nó eintitis iad dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (3) iad ach nach eintitis réitigh iad, chun a áirithiú, dá gcuirfí an uirlis fortharrthála nó na cumhachtaí díluachála agus comhshó i bhfeidhm maidir leo, faoi seach, gur féidir caillteanais a ionsú agus cóimheas caipitil iomlán agus, de réir mar is infheidhme, cóimheas luamhánaithe na n-eintiteas ábhartha a athbhunú go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;

(c) 

an gá a áirithiú gur leor, i gcás ina dtuarfar sa phlean réitigh gur féidir go n-eisiafaí aicmí áirithe dliteanas incháilithe ón bhfortharrtháil de bhun Airteagal 27(5) nó go n-aistreofaí iad chuig faighteoir go hiomlán faoi pháirt-aistriú, gur leor na cistí dílse agus na dliteanais incháilithe eile atá ag eintiteas réitigh chun a áirithiú gur féidir caillteanais a ionsú agus gur féidir an cóimheas caipitil iomlán, agus i gcás inarb infheidhme, cóimheas luamhánaithe an eintitis réitigh a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leis leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil sé údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;

(d) 

méid, samhail ghnó, samhail mhaoinithe agus próifíl riosca an eintitis;

(e) 

a mhéid a dhéanfadh cliseadh an eintitis dochar don chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear trí aicídiú chuig institiúidí nó eintitis eile mar gheall ar idirnascthacht an eintitis le hinstitiúidí nó eintitis eile nó leis an gcuid eile den chóras airgeadais.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.