|
+Airteagal 12d 2a. |
Airteagal 12d 2a.Ní chinnfidh an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) deintitis leachtaithe. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an Bord measúnú i dtaobh an bhfuil bonn cirt leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a chinneadh le haghaidh eintiteas leachtaithe ar bhonn aonair ag méid atá níos mó ná an méid atá leordhóthanach chun caillteanais a ionsú i gcomhréir le mír 2, pointe (a), den Airteagal seo. Cuirfidh an Bord san áireamh ina mheasúnú, go háirithe, aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an riosca tógálachta don chóras airgeadais, lena n-áirítear maidir le hacmhainneacht mhaoiniúcháin na scéimeanna ráthaithe taiscí. I gcás ina gcinneann an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1), comhlíonfaidh an t-eintiteas leachtaithe an ceanglas sin trí cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a úsáid:
(a)
cistí dílse;
(b)
dliteanais lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointí (b) agus (d), den Rialachán sin;
(c)
na dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 12c(2). Ní bheidh feidhm ag Airteagal 77(2) agus Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis leachtaithe nár chinn an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) den Rialachán seo ina leith. Maidir le sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag fo-institiúidí ar eintitis leachtaithe iad nár chinn an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ina leith, ní dhéanfar iad a asbhaint faoi Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. De mhaolú ar an gceathrú fomhír, déanfaidh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nach eintiteas réitigh í nó é féin ach fochuideachta d’eintiteas réitigh nó d’eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mba san Aontas a bheadh sé bunaithe a sealúchais d’ionstraimí cistí dílse i bhfo-institiúidí a asbhaint ar leis an ngrúpa réitigh céanna iad agus ar eintitis leachtaithe iad nár chinn an Bord ina leith an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i gcás ina bhfuil méid comhiomlán na sealúchas sin cothrom le, nó níos mó ná, 7 % de mhéid iomlán a gcistí dílse agus a ndliteanais lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta a shonraítear in Airteagal 12g(2), a ríomhtar go bliantúil an 31 Nollaig mar mheán thar an 12 mhí roimhe sin.’; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|