+Airteagal 12d 3.

Airteagal 12d 3.

I gcás eintitis réitigh, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:

(a) 

chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2), suim na méideanna seo a leanas:

(i) 

an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do cheanglais an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite;

(ii) 

méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an ngrúpa réitigh, a tháinig as réiteach, comhlíonadh a cheanglais cóimheasa caipitil iomlán dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú agus comhlíonadh a cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite tar éis stráitéis réitigh na tosaíochta a chur chun feidhme; agus

(b) 

chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe b) d'Airteagal 12a(2), suim na méideanna seo a leanas:

(i) 

an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do cheanglas chóimheas luamhánaithe an eintitis dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite; agus

(ii) 

méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an ngrúpa réitigh a tháinig as réiteach comhlíonadh an cheanglais cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite tar éis stráitéis réitigh na tosaíochta a chur chun feidhme.

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 12a(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadáin mar an méid a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán.

Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 12a(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadáin mar an méid a ríomhfar i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine.

Nuair a bheidh an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á shocrú aige, cuirfidh an Bord san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27(7).

Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo á socrú aige, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas:

(a) 

leas a bhaint as na luachanna tuairiscithe is déanaí le haghaidh mhéid iomlán ábhartha na neamhchosanta ar riosca nó le haghaidh thomhas iomlán na neamhchosanta, arna choigeartú le haghaidh aon athruithe a thagann as gníomhaíochtaí réitigh a leagtar amach sa phlean réitigh; agus

(b) 

tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, an méid a chomhfhreagraíonn don cheanglas atá ann faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a choigeartú síos nó suas chun an ceanglas atá le cur i bhfeidhm a chinneadh maidir leis an eintiteas réitigh tar éis chur chun feidhme straitéis réitigh na tosaíochta.

Beidh an Bord in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a) (ii) den chéad fhomhír a mhéadú le méid iomchuí is gá chun a áirithiú go gcothóidh an t-eintiteas muinín mhargaidh leordhóthanach, tar éis an réitigh, ar feadh tréimhse ama iomchuí, nach faide ná bliain amháin.

I gcás ina mbeidh feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, beidh an méid dá dtagraítear san fhomhír sin in ionannas leis an ceanglas maoláin chomhcheangailte atá le feidhm a bheith aige lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE.

Déanfar an méid dá dtagraítear sa séu fomhír den mhír seo a choigeartú in ísle, más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, go gcinnfidh an Bord, gur indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a chaomhnú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta an ghrúpa réitigh a sholáthar agus go mbeidh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus Airteagal 76(3) agus, tar éis chur chun feidhme na straitéise réitigh. Déanfar an méid sin a ardú más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, go gcinnfidh an Bord gur gá leibhéal níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta an ghrúpa réitigh a sholáthar agus go mbeidh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus le hAirteagal 76(3), ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.