+Airteagal 12h Tarscaoileadh an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chur i bhfeidhm ar eintitis nach eintitis réitigh iad féin
---+Airteagal 12h 1.
---+Airteagal 12h 2.

Airteagal 12h Tarscaoileadh an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chur i bhfeidhm ar eintitis nach eintitis réitigh iad féin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12h 1.

Féadfaidh an Bord cur i bhfeidhm Airteagal 12h maidir le fochuideachta eintitis réitigh atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach a tharscaoileadh go hiomlán i gcás:

(a) 

ina bhfuil an fhochuideachta agus an t-eintiteas réitigh araon, bunaithe san aon Bhallstát rannpháirteach amháin agus gur cuid den aon ghrúpa réitigh amháin iad;

(b) 

ina gcomhlíonann an t-eintiteas réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f;

(c) 

nach ann d'aon bhacainn láithreach ábhartha phraiticiúil nó dhlíthiúil, ná do bhacainn tuartha den sórt sin, ar an eintiteas réitigh cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras leis an bhfochuideachta i dtaca lena ndearnadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 21(3), go háirithe i gcás ina ndéantar gníomh réitigh i dtaca leis an eintiteas réitigh.

Airteagal 12h 2.

Féadfaidh an Bord cur i bhfeidhm Airteagal 12g maidir le fochuideachta eintitis réitigh atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach a tharscaoileadh go hiomlán i gcás:

(a) 

ina bhfuil an fhochuideachtaí agus an máthairghnóthas araon, bunaithe san aon Bhallstát rannpháirteach amháin agus gur cuid den aon ghrúpa réitigh amháin iad;

(b) 

ina gcomhlíonann an máthairghnóthas ar bhonn comhdhlúite, an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) sa Bhallstát rannpháirteach sin;

(c) 

nach ann d'aon bhacainn láithreach ábhartha phraiticiúil ná dhlíthiúil, ná bacainn tuartha den sórt sin, ar an máthairghnóthas cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras leis an bhfochuideachta i dtaca lena ndearnadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 21(3), go háirithe i gcás ina ndéantar gníomh réitigh i dtaca leis an máthairghnóthas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.