|
+Airteagal 12i Tarscaoileadh i gcás comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach |
Airteagal 12i Tarscaoileadh i gcás comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnachAirteagal 12i Tarscaoileadh i gcás comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach Féadfaidh an Bord, go hiomlán nó go páirteach, cur i bhfeidhm Airteagal 12g maidir le comhlacht lárnach nó le hinstitiúid creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach a tharscaoileadh, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
(a)
tá na hinstitiúidí creidmheasa agus an comhlacht lárnach faoi réir maoirseacht ag an aon údarás inniúil amháin, tá siad bunaithe san aon Bhallstát rannpháirteach amháin agus is cuid den ghrúpa réitigh céanna iad;
(b)
is dliteanais chomhpháirteacha agus leithleacha iad gealltanais an chomhlachta lárnaigh agus a institiúidí creidmheasa buanchleamhnaithe, nó tá gealltanais a n-institiúidí creidmheasa buanchleamhnaithe ráthaithe go hiomlán ag an gcomhlacht lárnach;
(c)
déantar faireachán ar an íoscheanglas le haghaidh chistí dílse agus dhliteanais incháilithe agus sócmhainneacht agus leachtacht an chomhlachta lárnaigh agus na n-institiúidí creidmheasa buanchleamhnaithe uile ina n-iomlán ar bhonn chuntais chomhdhlúite na n-institiúidí sin;
(d)
i gcas tarscaoileadh maidir le hinstitiúid creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, beidh sé de chumhacht ag lucht bainistíochta an chomhlachta lárnaigh treoracha a eisiúint do lucht bainistíochta na n-institiúidí buanchleamhnaithe;
(e)
comhlíonann an grúpa réitigh ábhartha an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f(3); agus,
(f)
ní ann d'aon bhacainn láithreach ábhartha phraiticiúil ná dhlíthiúil, ná do bhacainn tuartha den sórt sin, ar aistriú pras cistí dílse nó aisíoc dliteanas idir an comhlacht lárnach agus na hinstitiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe leis i gcás réitigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|