|
+Airteagal 18 4. |
Airteagal 18 4.Chun críocha phointe (a) de mhír 1, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó gur dócha go gclisfear air i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:
(a)
tá na ceanglais chun leanúint d'údarú á sárú ag an eintiteas nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh go sáróidh an t-eintiteas na ceanglais sin amach anseo, ar dhóigh ina mbeadh bonn cirt le tarraingt siar an údaraithe ag BCE, lena n-áirítear de dheasca caillteanais a bheith tabhaithe ag an eintiteas nó gur dócha go dtabhóidh an t-eintiteas caillteanais a ídeoidh a chistí dílse ar fad nó cuid shuntasach díobh, ach gan a bheith teoranta don chúis sin amháin;
(b)
tá sócmhainní an eintitis níos lú ná dliteanais an eintitis, nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo;
(c)
níl an t-eintiteas in ann na fiacha nó na dliteanais eile atá air a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite, nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo;
(d)
tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ach amháin, chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, nuair a bheidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:
(i)
ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag bainc cheannais i gcomhréir le coinníollacha na mbanc ceannais;
(ii)
ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe; nó
(iii)
instealladh cistí dílse nó ceannach ionstraimí caipitil ar phraghsanna agus ar théarmaí nach dtugann buntáiste don eintiteas, i gcás nach ann do na himthosca dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den mhír seo ná do na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 21(1) tráth a dtabharfar an tacaíocht phoiblí. I ngach ceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii) de phointe (d) den chéad fhomhír, beidh an ráthaíocht nó na bearta coibhéiseacha dá dtagraítear iontu teoranta do na heintitis sócmhainneacha agus beidh siad faoi réir coinníll formheasa chríochnaithigh faoi chreat Státchabharach an Aontais. Beidh na bearta sin de chineál réamhchúramach agus sealadach agus beidh siad comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas agus ní úsáidfear iad chun caillteanais a bheidh tabhaithe ag an eintiteas, nó ar dócha é go dtabhófar iad amach anseo, a chúiteamh. Déanfar bearta tacaíochta faoi phointe (d)(iii) den chéad fhomhír a theorannú do na hinstealltaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar easnamh caipitil atá bunaithe i dtástálacha struis náisiúnta an Aontais nó SMA go léir in athbhreithnithe cáilíochta sócmhainní nó cleachtaí coibhéiseacha arna seoladh ag BCE, ag ÚBE nó ag na húdaráis náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, arna ndeimhniú ag an údarás inniúil. Má thíolacann an Coimisiún togra reachtach de bhun Airteagal 32(4) de Threoir 2014/59/AE, déanfaidh sé, más iomchuí, ar an tslí chéanna, togra reachtach lena leasófar an Rialachán seo a thíolacadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|