|
+Airteagal 21 10. |
Airteagal 21 10.Áiritheoidh an Bord go bhfeidhmeoidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí díluachála nó comhshó gan mhoill, i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh de bhun Airteagal 17 agus ar mhodh a thabharfaidh na torthaí seo a leanas:
(a)
go ndéanfar ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a laghdú ar dtús go cionmhar leis na caillteanais agus go dtí méid a n-acmhainneachta;
(b)
go ndíluachálfar príomhshuim na n-ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó go gcomhshóitear iad in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 1444 a bhaint amach nó suas go dtí méid acmhainneacht na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle;
(c)
go ndíluachálfar príomhshuim na n-ionstraimí Leibhéal 2 Breise nó go gcomhshóitear iad in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 14 a bhaint amach nó suas go dtí méid acmhainneacht na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle;
(d)
díluachálfar nó comhshófar príomhshuim na n-ionstraimí incháilithe dá dtagraítear i mír 7a in ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 nó déanfar an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 14 a chomhlíonadh nó de réir chumas na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|