+Airteagal 21 Díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil agus dliteanas incháilithe
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
---+Airteagal 21 7.
---+Airteagal 21 7a.
---+Airteagal 21 7b.
---+Airteagal 21 8.
---+Airteagal 21 9.
---+Airteagal 21 10.
---+Airteagal 21 11.
|
Airteagal 21 Díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil agus dliteanas incháilithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Feidhmeoidh an Bord an chumhacht chun
►M1
ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 7a ◄ a dhíluacháil nó a chomhshó ag gníomhú dó faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18, maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagl 7(4)(b) agus (5), i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna sin comhlíonta, ach ní dhéanfaidh sé an méid sin ach amháin, ar theachtaireacht a bheith faighte aige de bhun an dara fomhír nó ar a thionscnamh féin, nuair a mheasfaidh sé, ina sheisiún feidhmeannach dó, go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
i gcás inar cinneadh nach mbeidh na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta a shonraítear in Airteagal 16 agus in Airteagal 18, sula nglacfar aon ghníomhaíocht réitigh;
(b)
nach mbeidh an t-eintiteas inmharthana a thuilleadh mura rud é go ndéanfar na h
►M1
ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 7a ◄ ábhartha a dhíluacháil nó iad a chomhshó ina gcothromas;
(c)
i gcás ionstraimí caipitil ábhartha arna n-eisiúint ag fochuideachta agus más rud é go ndéanfar na hionstraimí caipitil ábhartha sin a aithint chun ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, mura rud é go bhfeidhmeofar an chumhacht díluachála nó chomhshó i ndáil leis na hionstraimí sin, ní bheidh an grúpa inmharthana a thuilleadh;
(d)
i gcás ionstraimí caipitil ábhartha arna n-eisiúint ar leibhéal máthairchuideachta agus más rud é go ndearnadh na hionstraimí caipitil ábhartha sin a aithint ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh ar bhonn aonair ar leibhéal an máthairchuideachta nó ar bhonn comhdhlúite, mura rud é go bhfeidhmeofar an chumhacht díluachála nó chomhshó i ndáil leis na hionstraimí sin, ní bheidh an grúpa inmharthana a thuilleadh;
(e)
nach mbeidh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách de dhíth ar an eintiteas nó ar an ngrúpa, seachas in aon cheann de na himthosca a leagtar amach i bpointe (d)(iii) d'Airteagal 18(4).
Is é BCE a dhéanfaidh an measúnú ar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), den mhír seo, i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (a), nó is é an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha a dhéanfaidh é i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (b), Airteagal 7(4), pointe (b), agus Airteagal 7(5), agus is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, i gcomhréir le leithdháileadh na gcúraimí de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus (2) a dhéanfaidh é.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní mheasfar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa a bheith inmharthana a thuilleadh ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó ar an ngrúpa nó gur dócha go gclisfear air;
(b)
ag féachaint d'uainiú agus d'imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht, lena n-áirítear bearta malartacha ón earnáil phríobháideach nó gníomhaíocht mhalartach maoirseachta, (lena n-áirítear bearta luath-idirghabhála), seachas díluacháil nó comhshó
►M1
ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 7a ◄ ábhartha, go neamhspleách nó i gcomhcheangal le beart réitigh, cosc ar chliseadh an eintitis nó an ghrúpa sin laistigh de thréimhse ama réasúnach.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Chun críocha phointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas sin nó gur dócha go gclisfear air i gcás ina dtarlóidh ceann amháin nó níos mó de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4).
|
|
Airteagal 21 5.
|
Chun críocha phointe (a) de mhír 3, measfar go bhfuil ag cliseadh ar ghrúpa nó gur dócha go gclisfear air i gcás ina sáróidh an grúpa na ceanglais stuamachta chomhdhlúite nó go mbeidh eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoina chinneadh go sáróidh an grúpa, go luath amach anseo, na ceanglais sin, ar dhóigh ina mbeadh bonn cirt le beart ó BCE nó ón údarás inniúil náisiúnta, de dheasca caillteanais a bheith tabhaithe ag an ngrúpa nó gur dócha go dtabhóidh an grúpa caillteanais a ídeoidh a chistí dílse ar fad nó cuid shuntasach díobh, ach gan é a bheith teoranta don chúis sin amháin.
|
|
Airteagal 21 6.
|
Ionstraim chaipitil ábhartha arna eisiúint ag fochuideachta, ní dhéanfar, de bhua Airteagal 59(3)(c) de Threoir 2014/59/AE, díluacháil níos mó uirthi ná í a chomhshó ar théarmaí níos measa ná mar a dhéanfaí le hionstraimí caipitil a bhfuil an rangú céanna ag roinnt leo ar leibhéal na máthairchuideachta a mbeidh díluacháil déanta orthu nó a bheidh comhshóite.
|
|
Airteagal 21 7.
|
I gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Bord, agus é ag gníomhú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18, cinneadh an bhfeidhmeofar na cumhachtaí ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó go neamhspleách nó, i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 18, i gcomhcheangal le gníomhaíocht réitigh i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 18. I gcás inar cheannaigh an t-eintiteas réitigh go hindíreach trí eintitis eile san aon ghrúpa réitigh amháin, ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe ábhartha, feidhmeofar an chumhacht chun díluacháil nó comhshó a dhéanamh ar na hionstraimí caipitil ábhartha agus na dliteanais incháilithe sin i dteannta fheidhmiú na cumhachta céanna ar leibhéal mháthairghnóthas an eintitis lena mbaineann nó ar leibhéal máthairghnóthas eile nach eintitis réitigh iad, ionas go gcuirfear na caillteanais ar aghaidh chuig an eintiteas réitigh agus ionas go ndéanfaidh an t-eintiteas réitigh an t-eintiteas lena mbaineann a athchaipitliú. Tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha nó dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó beag beann ar ghníomhaíocht réitigh, déanfar an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(16) agus beidh feidhm ag pointe (e) d'Airteagal 76(1).
|
|
Airteagal 21 7a.
|
Ní fhéadtar na cumhachtaí dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó beag beann ar ghníomhaíocht réitigh a fheidhmiú ach maidir le dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 12g(2) den Rialachán seo, cé is moite den choinníoll maidir le haibíocht dliteanas atá fágtha mar a leagtar amach in Airteagal 72(c)1 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás ina bhfeidhmeofar an chumhacht sin, is i gcomhréir leis an bprionsabal dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 15(1) a dhéanfar an díluacháil nó an comhshó.
|
|
Airteagal 21 7b.
|
I gcás ina ndéanfar gníomhaíocht réitigh maidir le heintiteas réitigh nó, i gcúinsí eisceachtúla de dhiallas ón bplean réitigh, maidir le heintiteas nach eintiteas réitigh é, an méid a dhéanfar a laghdú, a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21(10) ar leibhéal an eintitis sin, cuirfear san áireamh iad i dtaca leis na tairseacha is infheidhme a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 27(7) maidir leis an eintiteas lena mbaineann.
|
|
Airteagal 21 8.
|
I gcás ina gcinnfidh an Bord, ag gníomhú dó faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18 den Rialachán seo, go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta, ach nach bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den Rialachán seo comhlíonta, tabharfaidh sé, gan mhoill, teagasc do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 59 agus le hAirteagal 60 de Threoir 2014/59/AE. Áiritheoidh an Bord, sula bhfeidhmeoidh na húdaráis réitigh náisiúnta an chumhacht chun
►M1
ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe ◄ ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó, go ndéanfar luacháil ar shócmhainní agus ar dhliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa, i gcomhréir le hAirteagal 20(1) go (15). Beidh an luacháil sin ina bunús do ríomh na díluachála atá le cur i bhfeidhm ar
►M1
na hionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe ◄ ábhartha chun caillteanais a chomhghabháil agus do leibhéal an chomhshó atá le cur i bhfeidhm ar
►M1
ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe ◄ ábhartha chun an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó an grúpa a athchaipitliú.
|
|
Airteagal 21 9.
|
I gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le heintiteas dá dtagraítear sa mhír sin, agus ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) freisin maidir leis an eintiteas sin nó le heintiteas ar cuid den ghrúpa céanna é, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(6), (7) agus (8). Glacfaidh an Bord scéim réitigh aonair lena gcumhdófar an t-eintiteas ar ina leith a chomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) chomh maith le haon eintiteas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 21 10.
|
Áiritheoidh an Bord go bhfeidhmeoidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí díluachála nó comhshó gan mhoill, i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh de bhun Airteagal 17 agus ar mhodh a thabharfaidh na torthaí seo a leanas:
(a)
go ndéanfar ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a laghdú ar dtús go cionmhar leis na caillteanais agus go dtí méid a n-acmhainneachta;
(b)
go ndíluachálfar príomhshuim na n-ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó go gcomhshóitear iad in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 1444 a bhaint amach nó suas go dtí méid acmhainneacht na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle;
(c)
go ndíluachálfar príomhshuim na n-ionstraimí Leibhéal 2 Breise nó go gcomhshóitear iad in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 14 a bhaint amach nó suas go dtí méid acmhainneacht na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle;
▼M1
(d)
díluachálfar nó comhshófar príomhshuim na n-ionstraimí incháilithe dá dtagraítear i mír 7a in ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 nó déanfar an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 14 a chomhlíonadh nó de réir chumas na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle.
▼B
|
|
Airteagal 21 11.
|
Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na teagaisc ón mBord a chur chun feidhme agus feidhmeoidh siad díluacháil nó comhshó na n-ionstraimí caipitil ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 29.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|