+Airteagal 24 An uirlis díolacháin gnó
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
|
Airteagal 24 An uirlis díolacháin gnó
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Faoi chuimsiú na scéime réitigh, is é a bheidh san uirlis díolacháin gnó aistriú aon cheann de na nithe seo a leanas chuig ceannaitheoir nach droichead-institiúid é:
(a)
ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach; nó
(b)
na sócmhainní, cearta nó dliteanais uile, nó aon chuid díobh, atá ag institiúid faoi réiteach.
|
|
Airteagal 24 2.
|
Maidir leis an uirlis díolacháin gnó, bunófar leis an scéim réitigh an méid seo a leanas:
(a)
na hionstraimí, sócmhainní, cearta agus dliteanais atá le haistriú ag an údarás réitigh náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 38(1) agus (7) go (11) de Threoir 2014/59/AE;
(b)
na téarmaí tráchtála, ag féachaint do na himthosca agus do na costais agus na speansais arna dtabhú sa phróiseas réitigh, ar de bhun na dtéarmaí sin a dhéanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an t-aistriú i gcomhréir le hAirteagal 38(2), (3) agus (4) de Threoir 2014/59/AE;
(c)
an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta na cumhachtaí aistrithe a fheidhmiú níos mó ná uair amháin i gcomhréir le hAirteagal 38(5) agus (6) de Threoir 2014/59/AE;
(d)
na socruithe maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an t-eintiteas sin nó na hionstraimí, na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais sin a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) agus (2) de Threoir 2014/59/AE;
(e)
an dóchúlacht go mbainfidh comhlíonadh na gceanglas margaíochta ag an údarás réitigh náisiúnta an bonn de na cuspóirí réitigh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 24 3.
|
Cuirfidh an Bord an uirlis díolacháin gnó i bhfeidhm gan na ceanglais mhargaíochta a leagtar síos i bpointe (e) de mhír 2 a chomhlíonadh má chinneann sé gur dócha go mbainfeadh comhlíonadh na gceanglas sin an bonn de cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh agus go háirithe i gcás ina measann sé:
(a)
go bhfuil bagairt ábhartha ar an gcobhsaíocht airgeadais a eascraíonn as cliseadh nó cliseadh dóchúil na hinstitiúide faoi réiteach nó go bhfuil bagairt ábhartha á géarú ag cliseadh den sórt sin; agus
(b)
gur dócha go mbainfeadh comhlíonadh na gceanglas sin an bonn d'éifeachtacht na huirlise díolacháin gnó chun dul i ngleic leis an mbagairt sin nó chun an cuspóir réitigh atá sonraithe i bpointe (b) d'Airteagal 14(2) a bhaint amach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|