+Airteagal 25 Uirlis droichead-institiúide
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.

Airteagal 25 Uirlis droichead-institiúide

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.

Faoi chuimsiú na scéime réitigh, is é a bheidh san uirlis droichead-institiúide ná aistriú aon cheann de na nithe seo a leanas chuig droichead-institiúid:

(a) 

ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach;

(b) 

na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais uile, nó aon chuid díobh, atá ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach.

Airteagal 25 2.

Maidir leis an uirlis droichead-institiúide, bunófar leis an scéim réitigh an méid seo a leanas:

(a) 

na hionstraimí, na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais atá le haistriú chuig droichead-institiúid ag an údarás réitigh náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 40(1) go (12) de Threoir 2014/59/AE;

(b) 

na socruithe faoina ndéanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an droichead-institiúid a chur ar bun, a oibriú agus a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 41(1), (2), (3) agus (5) go (9) de Threoir 2014/59/AE;

(c) 

na socruithe maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an droichead-institiúid nó a sócmhainní nó a dliteanais a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 41(4) de Threoir 2014/59/AE.

Airteagal 25 3.
Áiritheoidh an Bord nach mó luach iomlán na ndliteanas arna n-aistriú ag an údarás réitigh náisiúnta chuig an droichead-institiúid ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní arna n-aistriú ón institiúid faoi réiteach nó arna soláthar ó fhoinsí eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.