|
+Airteagal 33 2. |
Airteagal 33 2.Déanfaidh an Bord measúnú ar aithint agus ar fhorghníomhú imeachtaí réitigh arna seoladh ag údaráis réitigh tríú tír i ndáil le hinstitiúid tríú tír nó máthairchuideachta tríú tír, agus eiseoidh sé moladh ina leith sin a bheidh dírithe chuig na húdaráis réitigh náisiúnta, sa chás gur fíor an méid seo a leanas i dtaobh na hinstitiúide tríú tír nó na máthairchuideachta tríú tír:
(a)
tá aici ceann amháin nó níos mó dá cuid fochuideachtaí de chuid an Aontais bunaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha; nó
(b)
tá aici sócmhainní, cearta nó dliteanais, atá lonnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha nó atá á rialú le dlí na mBallstát rannpháirteach. Déanfaidh an Bord a mheasúnú, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis réitigh náisiúnta agus, i gcás ina mbeidh coláiste réitigh Eorpaigh bunaithe de bhun Airteagal 89 de Threoir 2014/59/AE, le húdaráis réitigh Ballstát neamh-rannpháirteach. Sa mheasúnú sin, breithneofar go cuí leasanna gach Ballstáit rannpháirtigh aonair agus ina bhfuil institiúid tríú tír nó máthairghnóthas ag oibriú, agus go háirithe breithneofar an tionchar féideartha a bheadh ag aithint agus forghníomhú na n-imeachtaí réitigh tríú tír ar chodanna eile den ghrúpa agus ar an gcobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|