+Airteagal 33 Nósanna imeachta réitigh tríú tír a aithint agus a fhorghníomhú
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.
|
Airteagal 33 Nósanna imeachta réitigh tríú tír a aithint agus a fhorghníomhú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí réitigh tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 93(1) de Threoir 2014/59/AE tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtarlóidh amhlaidh. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 93(1) den Treoir sin a theacht i bhfeidhm le tríú tír ábhartha más rud é nach bhfuil aithint agus forghníomhú imeachtaí réitigh tríú tír á rialú ag an gcomhaontú sin.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Déanfaidh an Bord measúnú ar aithint agus ar fhorghníomhú imeachtaí réitigh arna seoladh ag údaráis réitigh tríú tír i ndáil le hinstitiúid tríú tír nó máthairchuideachta tríú tír, agus eiseoidh sé moladh ina leith sin a bheidh dírithe chuig na húdaráis réitigh náisiúnta, sa chás gur fíor an méid seo a leanas i dtaobh na hinstitiúide tríú tír nó na máthairchuideachta tríú tír:
(a)
tá aici ceann amháin nó níos mó dá cuid fochuideachtaí de chuid an Aontais bunaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha; nó
(b)
tá aici sócmhainní, cearta nó dliteanais, atá lonnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha nó atá á rialú le dlí na mBallstát rannpháirteach.
Déanfaidh an Bord a mheasúnú, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis réitigh náisiúnta agus, i gcás ina mbeidh coláiste réitigh Eorpaigh bunaithe de bhun Airteagal 89 de Threoir 2014/59/AE, le húdaráis réitigh Ballstát neamh-rannpháirteach. Sa mheasúnú sin, breithneofar go cuí leasanna gach Ballstáit rannpháirtigh aonair agus ina bhfuil institiúid tríú tír nó máthairghnóthas ag oibriú, agus go háirithe breithneofar an tionchar féideartha a bheadh ag aithint agus forghníomhú na n-imeachtaí réitigh tríú tír ar chodanna eile den ghrúpa agus ar an gcobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit sin.
|
|
Airteagal 33 3.
|
Molfaidh an Bord aitheantas nó forghníomhú a dhiúltú do na himeachtaí réitigh dá dtagraítear i mír 1, má mheasann sé:
(a)
go mbeadh éifeacht dhíobhálach ag na himeachtaí réitigh tríú tír ar chobhsaíocht airgeadais i mBallstát rannpháirteach;
(b)
nach gcuirfí, faoi imeachtaí réitigh baile an tríú tír, an chóir chéanna ar chreidiúnaithe, lena n-áirítear go háirithe taisceoirí atá lonnaithe nó iníoctha i mBallstát rannpháirteach, agus a chuirfí ar chreidiúnaithe agus ar thaisceoirí tríú tír a bhfuil cearta dlíthiúla comhchosúla acu;
(c)
go mbeadh impleachtaí buiséadacha ábhartha don Bhallstát rannpháirteach ag aithint agus ag forghníomhú imeachtaí réitigh tríú tír; nó
(d)
go mbeadh éifeachtaí na haithinte nó an fhorghníomhaithe sin contrártha le dlí an Bhallstáit rannpháirtigh.
|
|
Airteagal 33 4.
|
Déanfaidh údaráis réitigh náisiúnta moladh an Bhoird a chur chun feidhme agus iarrfaidh siad go ndéanfar na himeachtaí réitigh a aithint nó a fhorghníomhú ina gcríocha faoi seach, sin nó míneoidh siad don Bhord, i ráiteas réasúnaithe, cad í an chúis nach féidir leo moladh an Bhoird a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 33 5.
|
Nuair a bheidh cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú i ndáil le heintitis tríú tír, déanfaidh údaráis réitigh náisiúnta, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dóibh a fheidhmiú ar bhonn na bhforálacha dá dtagraítear in Airteagal 94(4) de Threoir 2014/59/AE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|