|
+Airteagal 38 9. |
Airteagal 38 9.Déanfaidh an Bord na comhéifeachtaí coigeartaithe seo a leanas, atá nasctha le tosca géaraitheacha, a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn na fíneálacha á ríomh aige:
(a)
i gcás ina mbeidh an sárú déanta arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
(b)
i gcás ina mbeidh an sárú déanta ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;
(c)
i gcás ina mbeidh léirithe ag an sárú laigí sistéamacha in eagar an eintitis, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2;
(d)
i gcás ina mbeidh an sárú déanta d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;
(e)
i gcás nach mbeidh aon ghníomhaíocht leighis déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7;
(f)
i gcás nach mbeidh bainistíocht shinsearach an eintitis tar éis comhoibriú leis an mBord le linn don Bhord a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5. Déanfaidh an Bord na comhéifeachtaí coigeartaithe seo a leanas, atá nasctha le tosca maolaitheacha, a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn na fíneálacha á ríomh aige:
(a)
i gcás ina mbeidh an sárú déanta ar feadh tréimhse níos lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9;
(b)
i gcás ina mbeidh bainistíocht shinsearach an eintitis in ann a léiriú go ndearna sí gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7;
(c)
i gcás ina mbeidh an t-eintiteas tar éis an sárú a chur in iúl don Bhord ar bhealach tapa, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4;
(d)
i gcás ina mbeidh an t-eintiteas, dá dheoin féin, tar éis bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|