Chun comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
17
), laistigh de shé mhí ón lá a thiocfaidh an Bord chun bheith oibríochtúil, aontóidh sé do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF agus glacfaidh sé forálacha iomchuí is infheidhme láithreach maidir le fostaithe uile an Bhoird, agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Idirinstitiúideach sin.