|
+Airteagal 70 2. |
Airteagal 70 2.Déanfaidh an Bord gach bliain tar éis dó dul i gcomhairle le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta agus i ndlúthcomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta na ranníocaíochaí indibhidiúla a ríomh chun a áirithiú nach rachaidh na ranníocaíochtaí atá dlite ag na hinstitiúidí atá údaraithe i gcríocha na mBallstát rannpháirteach uile thar 12,5 % den spriocleibhéal. Gach bliain, beidh ríomh na ranníocaíochtaí do gach institiúid aonair bunaithe:
(a)
ar chothrom-ranníocaíocht atá pro rata atá bunaithe ar mhéid dliteanas institiúide cé is moite de chistí dlínse agus taiscí cumhdaithe, i leith dliteanas iomlán, cé is moite de chistí dlínse agus taiscí cumhdaithe, na n-institiúidí údaraithe uile i gcríocha na mBallstát rannpháirteach; agus
(b)
ar ranníocaíocht riosca-choigeartaithe, a bheidh bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE, agus prionsabal na comhréireachta á chur i gcuntas, gan saofaí a chruthú idir stuchtúir earnála baincéireachta na mBallstát. Cuirfidh an caidreamh idir an chothrom-ranníocaíocht agus na ranníocaíochtaí coigeartaithe riosca i gcuntas dáileadh comhardaithe ranníocaíochtaí trasna na gcineálacha difriúla banc. I gcás ar bith, ní rachaidh méid comhiomlánaithe ranníocaíochtaí indibhidiúla a dhéanfaidh na hinstitiúidí údaraithe uile i gcríocha na mBallstát rannpháirteach uile, arna ríomh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b), thar 12,5 % den spriocleibhéal go bliantúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|