+Airteagal 70 Ranníocaíochtaí ex-ante
---+Airteagal 70 1.
---+Airteagal 70 2.
---+Airteagal 70 3.
---+Airteagal 70 4.
---+Airteagal 70 5.
---+Airteagal 70 6.
---+Airteagal 70 7.
|
Airteagal 70 Ranníocaíochtaí ex-ante
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 70 1.
|
Cruinneofar ranníocaíocht aonair gach institiúide gach bliain ar a laghad agus ríomhfar é pro-rata le méid a dliteanas (cé is moite de chistí dílse) lúide taiscí faoi chumhdach, i ndáil leis na dliteanais chomhiomlánaithe (cé is moite de chistí dílse) lúide taiscí faoi chumhdach, na n-institiúidí uile arna n-údarú i gcríocha na mBallstát rannpháirteach uile.
|
|
Airteagal 70 2.
|
Déanfaidh an Bord gach bliain tar éis dó dul i gcomhairle le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta agus i ndlúthcomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta na ranníocaíochaí indibhidiúla a ríomh chun a áirithiú nach rachaidh na ranníocaíochtaí atá dlite ag na hinstitiúidí atá údaraithe i gcríocha na mBallstát rannpháirteach uile thar 12,5 % den spriocleibhéal. Gach bliain, beidh ríomh na ranníocaíochtaí do gach institiúid aonair bunaithe:
(a)
ar chothrom-ranníocaíocht atá pro rata atá bunaithe ar mhéid dliteanas institiúide cé is moite de chistí dlínse agus taiscí cumhdaithe, i leith dliteanas iomlán, cé is moite de chistí dlínse agus taiscí cumhdaithe, na n-institiúidí údaraithe uile i gcríocha na mBallstát rannpháirteach; agus
(b)
ar ranníocaíocht riosca-choigeartaithe, a bheidh bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE, agus prionsabal na comhréireachta á chur i gcuntas, gan saofaí a chruthú idir stuchtúir earnála baincéireachta na mBallstát.
Cuirfidh an caidreamh idir an chothrom-ranníocaíocht agus na ranníocaíochtaí coigeartaithe riosca i gcuntas dáileadh comhardaithe ranníocaíochtaí trasna na gcineálacha difriúla banc. I gcás ar bith, ní rachaidh méid comhiomlánaithe ranníocaíochtaí indibhidiúla a dhéanfaidh na hinstitiúidí údaraithe uile i gcríocha na mBallstát rannpháirteach uile, arna ríomh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b), thar 12,5 % den spriocleibhéal go bliantúil.
|
|
Airteagal 70 3.
|
Féadfar a áireamh sna hacmhainní airgeadais atá ar fáil a chuirfear i gcuntas chun an spriocleibhéal a shonraítear in Airteagal 69 a bhaint amach, féadfar gealltanais íocaíochta do-chúlghairthe a áireamh atá cumhdaithe go hiomlán le comhthaobhacht de shócmhainní ísealriosca gan bac ó aon chearta tríú páirtí atá ar shaordhiúscairt agus sannta lena húsáid go heisiach ag an mBord chun críocha a shonraítear in Airteagal 76(1). Ní rachaidh cion na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe sin thar 30 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna gcruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo1.
|
|
Airteagal 70 4.
|
Ní aisíocfar ranníocaíochtaí a fuarthas go cuí ó gach eintiteas leis na heintitis sin.
|
|
Airteagal 70 5.
|
I gcás ina bhfuil socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh bunaithe cheana féin ag na Ballstáit rannpháirteacha, féadfaidh siad foráil a dhéanamh go n-úsáidfidh na socruithe sin a gcuid acmhainní airgeadais atá ar fáil, arna mbailiú ó institiúidí idir 17 Meitheamh 2010 agus an dáta a dtiocfaidh Treoir 2014/59/AE i bhfeidhm, chun institiúidí a chúiteamh do na ranníocaíochtaí ex-ante a fhéadfar a cheangal ar na hinstitiúidí sin a íoc isteach sa Chiste. Beidh an t-aiseag sin gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát a leagtar síos i dTreoir 2014/49/AE.
|
|
Airteagal 70 6.
|
Déanfar na gníomhartha tarmligthe lena dtugtar sainmhíniú maidir le ranníocaíochtaí a choigeartú i gcomhréir le próifíl riosca institiúidí, arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 70 7.
|
Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, laistigh de chreat na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 6, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 a chinneadh agus go háirithe:
(a)
maidir le cur i bhfeidhm na modheolaíochta do ríomh na ranníocaíochtaí indibhidiúla;
(b)
na módúlachtaí praiticiúla maidir leis na fachtóirí riosca a shonraítear sa ghníomh tarmligthe a leithdháileadh d'institiúidí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|