+Airteagal 71 Ranníocaíochtaí ex post urghnácha
---+Airteagal 71 1.
---+Airteagal 71 2.
---+Airteagal 71 3.

Airteagal 71 Ranníocaíochtaí ex post urghnácha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 71 1.
I gcás nach leordhóthanach na foinsí airgeadais atá ar fáil leis na caillteanais, na costais nó na speansais eile arna dtabhú trí úsáid an Chiste i ngníomhaíochtaí réitigh a chumhdach, cruinneoidh an Bord ranníocaíochtaí ex-post urghnácha ó institiúidí arna n-údarú i gcríocha Ballstát rannpháirteach, chun na méideanna breise a chumhdach. Ríomhfar agus leithdháilfear na ranníocaíochtaí ex post urghnácha sin idir institiúidí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 69 agus in Airteagal 70.

Ní rachaidh méid iomlán na ranníocaíochtaí ex-post urghnácha in aghaidh na bliana thar thrí oiread mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 70.

Airteagal 71 2.
Déanfaidh an Bord, ar a thionscamh féin nó tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta nó ar mholadh ó údarás réitigh náisiúnta, íocaíocht institiúide maidir le ranníocaíochtaí ex-post urghnácha i gcomhréir le mír 1 a chur siar go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3, más gá sin lena staid airgeadais a chosaint. Ní thabharfar cur siar den sórt sin ar feadh tréimhse níos faide ná sé mhí ach féadfar é a athnuachan arna iarraidh sin don institiúid. Déanfar na ranníocaíochtaí a chuirfear siar de bhun na míre seo nuair nach gcuirfidh an íocaíocht staid airgeadais na hinstitiúide i gcontúirt.
Airteagal 71 3.
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 93 chun na himthosca agus na coinníollacha a shonrú faoina bhféadfaí íocaíocht ranníocaíochtaí ex post ag eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur siar go hiomlán nó go páirteach de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.