+Airteagal 88 Rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise
---+Airteagal 88 1.
---+Airteagal 88 2.
---+Airteagal 88 3.
---+Airteagal 88 4.
---+Airteagal 88 5.
---+Airteagal 88 6.
---+Airteagal 88 7.
---+Airteagal 88 8.
|
Airteagal 88 Rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 88 1.
|
Beidh comhaltaí an Bhoird, an Leas-Chathaoirleach, comhaltaí an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b), foireann an Bhoird agus baill foirne arna malartú le Ballstáit rannpháirteacha nó arna bhfáil ar iasacht acu, atá i mbun dualgas réitigh, beidh siad faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil de bhun Airteagal 339 CFAE agus na forálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú nuair a bheidh deireadh lena ndualgais. Beidh siad faoi thoirmeasc faisnéis rúnda go háirithe a gheofar a nochtadh le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla nó ó údarás inniúil nó údarás réitigh i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin Rialachán seo, d'aon duine nó d'aon údarás, mura rud é gur ag feidhmiú a bhfeidhmeanna a bheidh siad faoin Rialachán seo nó i bhfoirm achoimre nó chomhchoiteann sa chaoi nach féidir na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a shainaithint nó gan toiliú sainráite nó réamhthoiliú an údaráis nó an eintitis a chuir an fhaisnéis ar fáil. Ní dhéanfar faisnéis atá faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a nochtadh d'eintiteas poiblí nó príobháideach ach amháin i gcás go ndéanfar an nochtadh sin chun críche imeachtaí dlíthiúla. Beidh feidhm ag na ceanglais freisin maidir le ceannaitheoirí ionchasacha a rachfar i dteagmháil leo chun an bealach a ullmhú chun eintiteas a réiteach de bhun Airteagal 13(3).
|
|
Airteagal 88 2.
|
Áiritheoidh an Bord go mbeidh daoine aonair a sholáthróidh seirbhís ar bith, go díreach nó go hindíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le comhlíonadh a dhualgas, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord nó a cheapfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta chun cigireachtaí ar láthair a dhéanamh, faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil is comhionann leo siúd dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 88 3.
|
Beidh na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil dá dtagraítear i mír 1 infheidhme freisin maidir le breathnóirí a fhreastalóidh ar chruinnithe an Bhoird agus maidir le breathnóirí ó na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach a ghlacann páirt i bhfoirne inmheánacha réitigh i gcomhréir le hAirteagal 83(3).
|
|
Airteagal 88 4.
|
Glacfaidh an Bord na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar an fhaisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte.
|
|
Airteagal 88 5.
|
Sula nochtfar aon fhaisnéis áiritheoidh an Bord nach bhfuil aon fhaisnéis rúnda, trí mheasúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh nochtadh na faisnéise sin a imirt ar leas an phobail maidir le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha, agus chun críche cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí. Áiritheofar leis an nós imeachta maidir le héifeachtaí nochta faisnéise a sheiceáil go bhfuil measúnú sonrach ar éifeachtaí aon nochta ar ábhair agus ar mhionsonraí na bpleananna réitigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9, toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar faoi Airteagal 10 nó faoin scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18.
|
|
Airteagal 88 6.
|
Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar an mBord, ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar BCE, ar na húdaráis réitigh náisiúnta ná ar na húdaráis inniúla náisiúnta, lena n-áirítear a bhfostaithe agus a saineolaithe, faisnéis a chomhroinnt lena chéile agus le haireachtaí inniúla, bainc cheannais, údaráis ainmnithe, scéimeanna ráthaithe taiscí, scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí, údaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, údaráis réitigh árachais, údaráis mhaoirseachta árachais, údaráis réitigh agus údaráis inniúla ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha, ÚBE, nó, faoi réir Airteagal 33, údaráis tríú tír a dhéanann feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna údaráis réitigh, nó, faoi réir diancheanglais rúndachta, le ceannaitheoir ionchasach chun gníomhaíocht réitigh a phleanáil nó a dhéanamh.
|
|
Airteagal 88 7.
|
Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar an mBord faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile, mar a shainmhínítear in Airteagal 31a(12).
|
|
Airteagal 88 8.
|
Leis an Airteagal seo, ní chuirfear cosc ar an mBord a anailísí nó a mheasúnuithe a nochtadh, lena n-áirítear nuair atá siad bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 nó ag údaráis eile dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, nuair a mheasann an Bord nach mbainfeadh an nochtadh an bonn de chosaint leas an phobail a mhéid a bhaineann le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch agus go bhfuil leas an phobail i nochtadh a sháraíonn aon leas eile dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Measfar nochtadh mar sin a bheith déanta ag an mBord i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Rialachán seo chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|