1. Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta ábhartha atá ina gcomhaltaí de choláiste na maoirseoirí nó atá rannpháirteach i gcoláiste na maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE, déanfaidh an maoirseoir grúpa athbhreithniú ar an bplean réamhghabhálach grúpa téarnaimh agus déanfaidh sé measúnú ar a mhéid a chomhlíontar sa phlean sin na ceanglais agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 7. Déanfar an measúnú sin i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 6 agus san an Airteagal seo agus laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 6(1) agus cuirfear san áireamh ann an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ceartaitheacha ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit go léir ina n-oibríonn an grúpa.