4. Mura ndéanfaidh na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach maidir le plean réitigh grúpa a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 11(4), laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach, den Airteagal seo, déanfaidh gach údarás réitigh atá freagrach as foghnóthas a chinneadh féin agus déanfaidh sé plean réitigh a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta le haghaidh na n-eintiteas faoina dhlínse. Tabharfaidh gach údarás réitigh fógra faoina chinneadh do chomhaltaí eile an choláiste réitigh.