7. Féadfaidh na Ballstáit uirlisí agus cumhachtaí breise infheidhmithe a thabhairt do na húdaráis réitigh i gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3), ar choinníoll:
|
(a)
|
nach bhfuil na huirlisí agus na cumhachtaí breise sin ina mbacainní ar réiteach grúpa éifeachtach nuair a chuirtear iad i bhfeidhm ar ghrúpa trasteorann; agus
|
|
(b)
|
go bhfuil na huirlisí agus na cumhachtaí sin comhsheasmhach leis na cuspóirí réitigh agus leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach a leagtar síos in Airteagal 22.
|