7. Le mír 5, pointe (a), agus mír 6, pointe (a), ní chuirfear cosc ar údaráis réitigh, i gcás inarb iomchuí, an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le haon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a bhfuil comhthaobhacht geallta ina leith ar mó a luach ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta a bhfuil sé urraithe ina choinne ná maidir le haon chuid de na dliteanais dá dtagraítear i mír 6, pointe (a), a sháraíonn luach na sócmhainní a iontráladh sa chlár speisialta dá dtagraítear in Airteagal 276(1) de Threoir 2009/138/CE.