2. Beidh cumhachtaí uile scairshealbhóirí agus chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais faoi réiteach ag an mbainisteoir speisialta. Déanfaidh an bainisteoir speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú faoi rialú an údaráis réitigh. Féadfaidh an t-údarás réitigh teorainn a chur le gníomhaíochtaí an bhainisteora speisialta nó toiliú a éileamh roimh ré do ghníomhartha áirithe.
Maidir leis an gceapachán dá dtagraítear i mír 1 agus na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an gceapachán sin, déanfaidh an t-údarás réitigh iad a phoibliú.