2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar cuireadh uirlis réitigh amháin nó níos mó i bhfeidhm agus i gcás ina gcuireann na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm, maidir leis na scairshealbhóirí, na sealbhóirí polasaí, na tairbhithe, na héilitheoirí agus na creidiúnaithe eile a ndearnadh a n-éilimh a dhíluacháil nó a chomhshó ina gcothromas, nach dtabhóidh siad caillteanais is mó ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an gnóthas faoi réiteach a fhoirceannadh láithreach faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64.