+Airteagal 67 Formheas breithiúnach ex-ante agus cearta chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí
---+Airteagal 67 1
---+Airteagal 67 2
---+Airteagal 67 3
---+Airteagal 67 4
|
Airteagal 67 Formheas breithiúnach ex-ante agus cearta chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 67 1
|
1. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh cinneadh chun beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh faoi réir formheas breithiúnach ex-ante, ar choinníoll, i leith cinneadh chun beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gur nós imeachta gasta a bheidh sa nós imeachta a bhaineann leis an iarratas ar fhormheas agus gur breithniú gasta a bheidh i mbreithniú na cúirte.
|
|
Airteagal 67 2
|
2. Déanfaidh na Ballstáit foráil sa dlí náisiúnta maidir le ceart achomhairc i gcoinne cinneadh chun beart coiscthe géarchéime a dhéanamh nó cinneadh chun aon chumhacht a fheidhmiú, seachas beart bainistíochta géarchéime, faoin Treoir seo.
|
|
Airteagal 67 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag na daoine uile a ndéantar difear dóibh le cinneadh beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh, go mbeidh an ceart acu achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin.
Áiritheoidh na Ballstáit gur athbhreithniú gasta a bheidh san athbhreithniú ar bheart bainistíochta géarchéime agus go n-úsáidfidh na cúirteanna náisiúnta na measúnuithe eacnamaíocha ar na fíorais arna ndéanamh ag an údarás réitigh mar bhonn lena measúnú féin.
|
|
Airteagal 67 4
|
4. Beidh an ceart chun achomhairc dá dtagraítear i mír 3 faoi réir na gceangal seo a leanas:
|
(a)
|
agus achomharc á thaisceadh, ní bheidh aon fhionraí uathoibríoch i gceist le héifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne;
|
|
(b)
|
beidh cinneadh an údaráis réitigh infhorfheidhmithe láithreach agus dá thoradh sin beidh toimhde infhrisnéise ann gur i gcoinne leas an phobail a bheadh sé an forfheidhmiú a chur ar fionraí.
|
I gcás inar gá chun leasanna tríú páirtithe a chosaint, ar tríú páirtithe iad a ghníomhaíonn de mheon macánta agus a fuair scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid gnóthas faoi réiteach de bhua úsáid uirlisí réitigh nó feidhmiú cumhachtaí réitigh ag údarás réitigh, le neamhniú cinnidh de chuid údarás réitigh, ní dhéanfar difear d’aon ghníomh riaracháin nó idirbheart iardain arna dhéanamh ag an údarás réitigh lena mbaineann, ar gníomhartha nó idirbhearta iad a bhí bunaithe ar an gcinneadh arna neamhniú. Sa chás sin, beidh leigheasanna ar chinneadh nó ar ghníomhaíocht éagórach de chuid na n-údarás réitigh teoranta do chúiteamh as an gcaillteanas a bhain don iarratasóir de dheasca an chinnidh nó an ghnímh a cuireadh ar neamhní.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|