1. I gcás ina bhfuil foghnóthais de chuid an Aontais, arna mbunú in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin, nó dhá bhrainse de chuid an Aontais nó níos mó de ghnóthas tríú tír ag gnóthas árachais nó athárachais nó máthairghnóthas tríú tír a measann dhá Bhallstát nó níos mó ná sin gur brainsí suntasacha iad, féadfaidh údaráis réitigh na mBallstát ina bhfuil na foghnóthais sin de chuid an Aontais bunaithe nó ina bhfuil na brainsí de chuid an Aontais sin de ghnóthas tríú tír lonnaithe, féadfaidh na húdaráis sin coláiste réitigh Eorpach a bhunú.