1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta ar a suíomh gréasáin oifigiúil, ar a laghad aon phionóis riaracháin agus aon bhearta riaracháin eile a fhorchuirfidh na húdaráis sin maidir le sárú na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo i gcás nach raibh pionóis riaracháin den sórt sin nó bearta riaracháin eile faoi réir achomhairc nó ina bhfuil an ceart achomhairc tar éis teacht chun deiridh. Déanfar foilsiú den sórt sin gan moill mhíchuí tar éis an duine nádúrtha nó dlítheanach a chur ar an eolas faoin bpionós riaracháin nó faoi bheart riaracháin eile. San fhoilseachán beidh faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhfuil an pionós riaracháin nó an beart riaracháin eile á fhorchur.
I gcás ina gceadóidh na Ballstáit foilsiú pionós riaracháin agus beart riaracháin eile a bhfuil achomharc ina gcoinne, foilseoidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis mhaoirseachta ar a suímh ghréasáin oifigiúla, gan moill mhíchuí, faisnéis maidir le stádas an achomhairc sin agus lena thoradh.