|
+Airteagal 2 2. |
Airteagal 2 2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí seo a leanas:
(a)
táirgí árachais neamhshaoil arna liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/138/CE;
(b)
conarthaí árachais saoil nuair nach mbíonn na sochair faoin gconradh iníoctha ach amháin mar gheall ar bhás nó i gcás éagumais mar gheall ar ghortú, ar bhreoiteacht nó ar éiglíocht;
(c)
taiscí, ach amháin taiscí struchtúrtha arna sainmhíniú i bpointe (43) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(d)
urrúis dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (g), pointe (i) agus pointe (j) d'Airteagal 1(2) de Threoir 2003/71/CE;
(e)
táirgí pinsin, ar táirgí iad a aithnítear faoin dlí náisiúnta mar tháirgí arb é is phríomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus é ar scor, agus a thugann teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú;
(f)
scéimeanna pinsin ghairme a aithnítear go hoifigiúil faoi raon feidhme Threoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nó Threoir 2009/138/CE;
(g)
táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|