|
+Airteagal 8 3. |
Airteagal 8 3.Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí:
(a)
ag tús an doiciméid, ainm an PRIIP, céannacht agus sonraí teagmhála an mhonaróra PRIIP, faisnéis faoi údarás inniúil an mhonaróra PRIIP agus dáta an doiciméid;
(b)
i gcás inarb infheidhme, foláireamh cuimsitheach a léifear mar a leanas: ‘Tá tú ar tí táirge nach bhfuil simplí a cheannach agus féadfaidh sé a bheith deacair an táirge a thuiscint.’;
(c)
faoi roinn dár teideal ‘Cad é an táirge seo?’, cineál an PRIIP agus a phríomhghnéithe, lena n-áirítear:
(i)
an cineál PRIIP;
(ii)
a chuspóirí agus na modhanna chun iad a bhaint amach, go háirithe, cibé acu an mbaintear na cuspóirí amach trí neamhchosaint dhíreach nó neamhdhíreach ar na sócmhainní bunúsacha infheistíochta, lena n-áirítear cur síos ar na hionstraimí bunúsacha, nó luachanna tagartha, lena n-áirítear sonrú ar na margaí a ndéanann an PRIIP infheistíocht iontu, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, cuspóirí sonracha comhshaoil nó sóisialta ar ndíríonn an táirge, chomh maith leis an mbealach a gcinntear an toradh;
(iii)
tuairisc ar an gcineál infheisteora miondíola a ndíreofar air agus margú á dhéanamh ar PRIIP, go háirithe i dtéarmaí an chumais caillteanas infheistíochta a sheasamh agus i dtéarmaí na físe infheistíochta;
(iv)
i gcás ina dtairgtear sochair árachais leis an PRIIP, mionsonraí na sochar árachais sin, lena n-áirítear na cúinsí lena spreagfaí iad;
(v)
téarma an PRIIP, más eol sin;
(d)
faoi roinn dár teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d'fhéadfainn fáil mar thoradh orthu?’, cur síos gearr ar an bpróifíl riosca-luaíochta, ina mbeidh na gnéithe a leanas:
(i)
táscaire achomair riosca, a fhorlíontar agus míniú insinte faoin táscaire sin atá ag dul leis, na príomh-theorainneacha a bhaineann leis an táscaire agus míniú insinte faoi na rioscaí atá ábhartha go sonrach don PRIIP ach nach n-áirítear faoin táscaire achoimrithe riosca;
(ii)
an t-uasmhéid den chaipiteal infheistithe a d'fhéadfaí cailliúint, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an méid a leanas:
—
an bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola an caipiteal infheistithe uile a chailleadh; nó
—
an dtitfidh ualach an riosca ar an infheisteoir miondíola maidir le hoibleagáidí nó le gealltanais bhreise airgeadais, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha sa bhreis ar an gcaipiteal a infheistítear san PRIIP, agus
—
i gcás inarb infheidhme, cibé an áirítear cosaint chaipitil ar an PRIIP lena dtugtar cosaint in aghaidh an riosca mhargaidh, agus na mionsonraí maidir leis an méid a chumhdaítear leis agus na teorainneacha a ghabhann leis, go háirithe i ndáil leis an am atá sé infheidhme;
(iii)
cásanna cuí bunaithe ar fheidhmiú an táirge ar an margadh, agus na boinn tuisceana a úsáidtear chun iad a shamhlú;
(iv)
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na coinníollacha maidir le torthaí d'infheisteoirí miondíola nó uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite;
(v)
ráiteas go bhféadfar le reachtaíocht chánach Bhallstát baile an infheisteora miondíola tionchar a imirt ar an íocaíocht iarbhír amach;
(e)
faoi roinn dar teideal ‘Cad a tharlaíonn mura bhfuil [ainm an mhonaróra PRIIP] in ann an íocaíocht a thabhairt?’, beidh cur síos gearr ar cibé acu an bhfuil an chailliúint ghaolmhar cumhdaithe le cúiteamh infheisteora nó le scéim ráthaíochta agus, más rud é go bhfuil, cén scéim atá i gceist, cad is ainm don ráthóir agus cad iad na rioscaí a chumhdaítear leis an scéim agus na cinn nach gcumhdaítear;
(f)
faoi roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’, tabharfar na costais a bhaineann le hinfheistíocht sa PRIIP, lena gcuimseofar costais dhíreacha agus neamhdhíreacha a bheidh le híoc ag an infheisteoir miondíola, lena n-áirítear costais aonuaire agus athfhillteacha, a chuirtear i láthair trí tháscairí achoimre ar na costais sin agus, ar mhaithe le hinchomparáideacht a áirithiú, iomlán na gcostas comhiomlán a léireofar i dtéarmaí airgeadaíocha agus céatadánacha, chun éifeachtaí iolraithe na gcostas iomlán ar an infheistíocht a léiriú; Léireofar go soiléir sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí go gcuirfidh comhairleoirí, dáileoirí nó aon duine eile a thugann comhairle maidir leis an PRIIP nó a dhíolann an PRIIP faisnéis ar fáil ina dtugtar eolas faoi aon chostas dáileacháin nach bhfuil san áireamh cheana sna costais a shonraítear thuas, ionas go mbeidh an infheisteoir miondíola in ann an éifeacht charnach a bhíonn ag na costais chomhiomlána sin ar thoradh na hinfheistíochta a thuiscint;
(g)
faoi roinn dar teideal ‘Cén fhad ar cheart dom é a choimeád agus an féidir liom mo chuid airgid a tharraingt siar go luath?’
(i)
nuair is infheidhme, an bhfuil tréimhse mharana nó tréimhse chealúcháin ann maidir leis an PRIIP;
(ii)
léiriú ar an tréimhse íosta sealbhaíochta a mholtar agus, nuair is infheidhme, a cheanglaítear;
(iii)
an cumas aon dí-infheistiú a dhéanamh roimh aibíochta, agus na coinníollacha a ghabhfaidh leis sin, lena n-áirítear na táillí agus na pionóis uile is infheidhme, ag féachaint do phróifíl rioscaí agus torthaí an PRIIP agus don fhorbairt sa mhargadh ar a bhfuil sé dírithe;
(iv)
faisnéis faoi na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith i gceist le scor ar airgead sula mbeidh deireadh leis an téarma nó leis an tréimhse sealbhaíochta a mholtar, amhail an chosaint chaipitil a chailliúint nó táillí teagmhasacha breise;
(h)
faoi roinn dar teideal ‘Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?’, beidh faisnéis faoin mbealach ina bhféadfaí le hinfheisteoir miondíola gearán a dhéanamh agus cé leis a bhféadfaidh sé gearán a dhéanamh maidir leis an táirge nó le hiompar an mhonaróra PRIIP nó le duine a thugann comhairle i ndáil leis an táirge nó a dhíolann an táirge;
(i)
faoi roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’, faisnéis achomair faoi aon doiciméid faisnéise bhreise atá le cur ar fáil don infheisteoir miondíola ag an gcéim réamhchonarthach agus/nó ag an gcéim iarchonarthach, ábhair mhargaíochta as an áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|