|
+Airteagal 10 2. |
Airteagal 10 2.I gcomhar leis an gComhchoiste agus d'fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a dheimhniú, forbróidh ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:
(a)
na dálaí i leith athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí;
(b)
na dálaí nach mór an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú fúthu;
(c)
na dálaí sonracha nach mór faisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú fúthu nó nach mór an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a leasú fúthu i gcás ina gcuirtear an PRIIP ar fáil d'infheisteoirí miondíola go neamhleanúnach;
(d)
ná cúinsí faoinar gá infheisteoirí miondíola a chur ar an eolas maidir le haon athbhreithniú a dhéantar ar dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí i ndáil le PRIIP a cheannaigh siad chomh maith leis na modhanna lena mbeifear in ann na hinfheisteoirí miondíola a chur ar an eolas. Cuirfidh ÚMEanna na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|