|
+Airteagal 16 2. |
Airteagal 16 2.Ní ghlacfaidh ÚEÁPC cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
leis an ngníomhaíocht a bheartaítear, tugtar aghaidh ar ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó ar bhagairt d'fheidhmiú rianúil agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó do chuid de;
(b)
na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe ábhartha nó leis an ngníomhaíocht ábhartha, ní thugtar aghaidh ar an mbagairt leo;
(c)
ní dhearna údarás inniúil ná údaráis inniúla gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ní thugtar aghaidh go leordhóthanach, leis na gníomhaíochtaí a glacadh, ar an mbagairt sin. I gcás go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEÁPC an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhargú nó a dhíol d'infheisteoirí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|