+Airteagal 16
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.
|
Airteagal 16
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, féadfaidh ÚEÁPC, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, toirmeasc nó srian sealadach a chur ar an méid a leanas san Aontas:
(a)
margú, dáileadh nó díol táirgí áirithe infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu; nó
(b)
cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais airgeadais a dhéanann gnóthas árachais nó athárachais.
Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEÁPC.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Ní ghlacfaidh ÚEÁPC cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
leis an ngníomhaíocht a bheartaítear, tugtar aghaidh ar ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó ar bhagairt d'fheidhmiú rianúil agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó do chuid de;
(b)
na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe ábhartha nó leis an ngníomhaíocht ábhartha, ní thugtar aghaidh ar an mbagairt leo;
(c)
ní dhearna údarás inniúil ná údaráis inniúla gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ní thugtar aghaidh go leordhóthanach, leis na gníomhaíochtaí a glacadh, ar an mbagairt sin.
I gcás go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEÁPC an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhargú nó a dhíol d'infheisteoirí.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEÁPC an méid a leanas faoin ngníomhaíocht:
(a)
ní bheidh éifeacht dhochrach aici ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, ar éifeacht í a bheadh díréireach le sochair na gníomhaíochta; nó
(b)
ní chruthófar riosca arbatráiste rialála léi.
I gcás go mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagail 17, féadfaidh ÚEÁPC aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 18 a eisiúint.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Sula gcinnfidh sé aon ghníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚEÁPC fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.
|
|
Airteagal 16 5.
|
Foilseoidh ÚEÁPC fógra ar a shuíomh gréasáin faoi aon chinneadh a ghlacfar chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 16 6.
|
Déanfaidh ÚEÁPC athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí agus uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéanfar an toirmeasc nó an srian a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag.
|
|
Airteagal 16 7.
|
Beidh forlámhas ag gníomhaíocht a ghlacfaidh ÚEÁPC faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile a rinne údarás inniúil roimhe sin.
|
|
Airteagal 16 8.
|
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚEÁPC agus iad ag cinneadh cibé arb ann d'ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó do bhagairt maidir le feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chóras iomlán airgeadais an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2, nó do chobhsaíocht cuid de. Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:
(a)
an méid castachta a bhaineann leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus an gaol leis an gcineál infheisteora a ndéanfar é a mhargú agus a dhíol dóibh;
(b)
méid nó luach barúlach an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe;
(c)
a nuálaí is atá an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, gníomhaíocht nó cleachtas; agus
(d)
an ghiaráil a chuirfear ar fáil le táirge nó le cleachtas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1286
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|