|
+Airteagal 17 2. |
Airteagal 17 2.Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha, gur fíor an méid a leanas:
(a)
is ábhar mór imní ó thaobh cosanta infheisteoirí é táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó gníomhaíocht nó cleachtas, nó is bagairt é d'fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó don chóras airgeadais ina iomláine laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad;
(b)
leis na ceanglais rialála atá ann cheana faoi dhlí an Aontais arb infheidhme iad maidir leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas, ní thugtar aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus ní thabharfaí faoin tsaincheist ar bhealach níos fearr trí mhaoirseacht fheabhsaithe a dhéanamh nó trí na ceanglais atá ann cheana a fhorfheidhmiú;
(c)
tá an ghníomhaíocht comhréireach agus cineál na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, mar aon le leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a d'fhéadfadh an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint astu;
(d)
tá an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfadh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus
(e)
níl tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile. I gcás go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhargú nó a dhíol d'infheisteoirí. Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|