+Airteagal 17
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
|
Airteagal 17
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc nó srian a chur ar an méid a leanas ina Bhallstát sin nó óna Bhallstát:
(a)
margú, dáileadh nó díol táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu; nó
(b)
cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais airgeadais a dhéanann gnóthas árachais nó athárachais.
|
|
Airteagal 17 2.
|
Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha, gur fíor an méid a leanas:
(a)
is ábhar mór imní ó thaobh cosanta infheisteoirí é táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó gníomhaíocht nó cleachtas, nó is bagairt é d'fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó don chóras airgeadais ina iomláine laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad;
(b)
leis na ceanglais rialála atá ann cheana faoi dhlí an Aontais arb infheidhme iad maidir leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas, ní thugtar aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus ní thabharfaí faoin tsaincheist ar bhealach níos fearr trí mhaoirseacht fheabhsaithe a dhéanamh nó trí na ceanglais atá ann cheana a fhorfheidhmiú;
(c)
tá an ghníomhaíocht comhréireach agus cineál na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, mar aon le leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a d'fhéadfadh an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint astu;
(d)
tá an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfadh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus
(e)
níl tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile.
I gcás go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhargú nó a dhíol d'infheisteoirí. Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Ní fhorchuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian faoin Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcuirfidh sé fógra faoi na mionsonraí seo a leanas, i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis, chuig gach údarás inniúil eile lena mbaineann agus chuig ÚEÁPC, tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an am a bheartófar go mbeidh éifeacht leis an mbeart:
(a)
an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas, lena mbaineann an beart atá beartaithe;
(b)
cineál beacht an toirmisc nó an tsriain atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus
(c)
an fhianaise ar a bhunaigh sé a chinneadh agus ar deimhin leis dá réir go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha i mír 2.
|
|
Airteagal 17 4.
|
I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh faoin Airteagal sin ionas nach dtiocfaidh dochar as na táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe, na gníomhaíochtaí nó na cleachtais dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh ar bhonn sealadach tar éis fógra 24 uair an chloig ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, roimh an am a bheartaítear éifeacht a bheith leis an mbeart, do na húdaráis inniúla eile go léir agus do ÚEÁPC ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir ar fad atá san Airteagal seo agus, ina theannta sin, go suífear go soiléir nach mbeadh tréimhse fógraíochta aon mhí amháin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ar leith nó ar an mbagairt ar leith. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht a ghlacadh ar bhonn sealadach go ceann tréimhse is faide ná trí mhí.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Foilseoidh an t-údarás inniúil fógra ar a shuíomh gréasáin maidir le haon chinneadh a dhéanfar i leith toirmeasc ar bith nó srian ar bith dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar mionsonraí an toirmisc nó an tsriain san fhógra sin, an dáta tar éis dháta foilsithe an fhógra óna mbeidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar deimhin leis an údarás dá réir go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha i mír 2. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc nó ag an srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis fhoilsiú an fhógra.
|
|
Airteagal 17 6.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a aisghairm mura mbeidh feidhm a thuilleadh leis na coinníollacha i mír 2.
|
|
Airteagal 17 7.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 30 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh ar údaráis inniúla a chur i gcuntas agus iad ag cinneadh cibé arb ann d'ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó bagairt maidir le feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó maidir le cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2. Áireofar sna critéir agus sna tosca sin an méid a leanas:
(a)
a chasta atá táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus an gaol leis an gcineál infheisteora a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dó;
(b)
a nuálaí atá táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, gníomhaíocht nó cleachtas;
(c)
an ghiaráil a chuirfear ar fáil le táirge nó le cleachtas;
(d)
maidir le feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais, méid nó luach barúlach táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1286
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|