+Airteagal 24
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.

Airteagal 24

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le sáruithe ar Airteagal 5(1), Airteagal 6 agus 7, Airteagal 8(1) go dtí (3), Airteagal 9, Airteagal 10(1), Airteagal 13(1), (3) agus (4) agus Airteagal 14 agus Airteagal 19.
Airteagal 24 2.

Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na smachtbhannaí riaracháin agus bearta seo a leanas ar a laghad a fhorchur:

(a) 

ordú lena dtoirmeasctar margú PRIIP;

(b) 

ordú lena bhfionraítear margú PRIIP;

(c) 

rabhadh poiblí lena gcuirtear an duine atá freagrach as an sárú in iúl agus cineál an tsáraithe freisin;

(d) 

ordú lena dtoirmeasctar doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar nach gcomhlíontar ceanglais Airteagal 6, 7, 8 nó 10 leis, ar ordú é lena gceanglaítear go bhfoilseofar leagan nua de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí;

(e) 

fíneálacha riaracháin arb ionann iad agus ar a laghad:

(i) 

i gcás eintitis dhlítheanaigh:

— 
suas le EUR 5 000 000 , nó i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Nollaig 2014 nó suas le 3 % den láimhdeachas bliantúil iomlán an eintitis dhlítheananigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil agus iad formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó
— 
suas le dhá oiread de mhéid na dtorthaí a gnóthaíodh nó na gcailliúintí a seachnaíodh mar gheall ar an sárú nuair is féidir sin a chinneadh;
(ii) 

i gcás duine nádúrtha:

— 
suas le EUR 700 000 , nó, i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Nollaig 2014, nó
— 
suas le dhá oiread de mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó de mhéid na gcailliúintí a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, nuair is féidir sin a chinneadh.

Nuair is mátharghnóthas nó fochuideachta an mhátharghnóthas atá san eintiteas dlítheanach ar gá dó ráitis chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim a bheidh sa láimhdeachas ábhartha iomlán, i gcomhréir le dlí an Aontais is ábhartha i ndáil le cuntasaíocht, de réir na ráiteas comhdhlúite airgeadais is deireanaí atá ar fáil agus sin formheasta ag comhlacht bainistíochta an mhátharghnóthais deiridh;

Airteagal 24 3.
Tá an tAirteagal seo gan dochar don fhéidearthacht go mbeidh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh do smachtbhannaí breise nó do bhearta breise agus d'fhíneálacha riaracháin a bheadh ar leibhéil níos airde ná iad sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Airteagal 24 4.
I gcás ina bhforchuireann na húdaráis inniúla pionóis riaracháin nó bearta i gcomhréir le mír 2, go bhfuil de chumhacht ag na húdaráis inniúla teachtaireacht dhíreach a eisiúint don infheisteoir miondíola lena mbaineann, nó go bhfuil sé de chumhacht acu a cheangal ar an monaróir PRIIP nó ar an duine a dhíolann an PRIIP, nó a thugann comhairle i ndáil leis sin, teachtaireacht dhíreach a eisiúint don infheisteoir miondíola, lena dtugtar faisnéis dó faoin smachtbhanna riaracháin nó faoin mbeart riaracháin, agus lena gcuirtear ar an eolas é i dtaobh cá háit ar féidir gearán a dhéanamh nó éilimh ar shásamh a dhéanamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1286
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.