|
+Airteagal 1 5. |
Airteagal 1 5.Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú mar a leagtar amach in Airteagal 3(3) maidir le haon cheann díobh seo a leanas a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:
(a)
urrúis atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, ar choinníoll gur lú iad, thar thréimhse 12 mhí, ná 30 % den líon urrús a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna;
(b)
scaireanna atá mar thoradh ar chomhshó nó malartú urrús eile nó ar fheidhmiú na gceart a thugtar le hurrúis eile, i gcás ina bhfuil na scaireanna sin den aicme chéanna leis na scaireanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, ar choinníoll gur lú na scaireanna sin, thar thréimhse 12 mhí, ná 30 % den líon scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, faoi réir an dara fomhír den mhír seo;
(ba)
urrúis atá idirmhalartaithe le hurrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte go leanúnach ar feadh 18 mí roimhe sin ar a laghad roimh ligean isteach na n-urrús nua chun a dtrádála, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
ní eisítear na hurrúis atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumaisc nó deighilte;
(ii)
níl eisitheoir na n-urrús faoi réir athstruchtúrú ná imeachtaí dócmhainneachta;
(iii)
comhdaítear doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, i bhformáid leictreonach, le húdarás inniúil an Bhallstáit baile agus cuirtear ar fáil don phobal é i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2) an tráth céanna a chomhdaítear é leis an údarás inniúil sin;
(c)
urrúis a thagann as údarás réitigh do chomhshó nó do mhalartú urrúis eile, cistí dílse eile nó dliteanais incháilithe eile i ngeall ar fheidhmiú cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2), Airteagal 59(2) nó in Airteagal 63(1) nó (2) de Threoir 2014/59/AE;
(d)
scaireanna a eisítear in ionad scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, i gcás nach bhfuil aon mhéadú ar an gcaipiteal eisithe mar thoradh ar eisiúint na scaireanna sin;
(e)
urrúis a thairgtear i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint malartaithe, ar choinníoll go gcuirfear doiciméad ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ina bhfuil faisnéis faoin idirbheart agus faoina thionchar ar an eisitheoir;
(f)
urrúis a thairgtear, a leithroinntear nó a leithroinnfear i dtaca le cumasc nó roinnt, ar choinníoll go gcuirfear doiciméad ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ina bhfuil faisnéis faoin idirbheart agus faoina thionchar ar an eisitheoir;
(g)
scaireanna a thairgtear saor in aisce do scairshealbhóirí reatha nó a leithroinntear nó a leithroinnfear orthu saor in aisce, agus díbhinní a íoctar i bhfoirm scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna a n-íoctar na díbhinní sin ina leith, ar choinníoll gur den aicme chéanna na scaireanna sin agus na scaireanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna agus go bhfuil doiciméad ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi líon agus cineál na scaireanna agus faoi na cúiseanna atá leis an tairiscint nó an leithroinnt agus mionsonraí na tairisceana nó na leithroinnte sin;
(h)
urrúis a thairgeann fostóir nó gnóthas cleamhnaithe do stiúrthóirí nó d'fhostaithe atá aige faoi láthair nó a bhí aige, nó a leithroinneann sé orthu nó a leithroinnfidh sé orthu, ar choinníoll gur den aicme chéanna na hurrúis sin agus na hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna agus go gcuirtear doiciméad ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi líon agus cineál na n-urrús agus faoi na cúiseanna atá leis an tairiscint nó an leithroinnt agus mionsonraí na tairisceana nó na leithroinnte sin;
(i)
►M5 urrúis neamhchothromais arna n-eisiúint ag institiúid chreidmheasa ar bhealach leanúnach nó arís agus arís eile, i gcás inar lú an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús a thairgtear ná EUR 150 000 000 in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, ar choinníoll: ◄
(i)
nach bhfuil siad fo-ordaithe, in-chomhshóite ná inmhalartaithe; agus
(ii)
nach dtugtar cead leo cineálacha eile urrús a shuibscríobh nó a fháil agus nach bhfuil aon bhaint acu le hionstraim dhíorthach. ▼M5 ————— Maidir leis an gceanglas gur lú na scaireanna a thiocfaidh as sin, thar thréimhse 12 mhí, ná 30 % den líon scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), ní bheidh feidhm aige maidir le haon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina ndearnadh réamheolaire a tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le Treoir 2003/71/CE tráth a dhéantar na hurrúis lena dtugtar rochtain ar na scaireanna a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;
(b)
i gcás inar eisíodh na hurrúis lena dtugtar rochtain ar na scaireanna roimh an 20 Iúil 2017;
(c)
i gcás ina gcáilíonn na scaireanna mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar a leagtar síos in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) d’institiúid mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4(1)(3) den rialachán sin í agus ina dtagann siad mar thoradh ar chomhshó ar ionstraimí Breise Leibhéal 1 arna eisiúint ag an institiúid sin mar gheall ar tharlú eachtra tucaide mar a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 54(1) den Rialachán sin;
(d)
i gcás ina gcáilíonn na scaireanna mar chistí dílse incháilithe nó cistí dílse bunúsacha incháilithe mar a shainmhínítear i Roinn 3 de Chaibidil VI de Theideal I de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) iad, agus ina dtagann siad mar thoradh ar chomhshó urrús eile a ndearna é a thruicearú chun críocha na hoibleagáidí maidir leis an Riachtanas um Chaipiteal Sócmhainneachta nó an tÍosriachtanas Caipitil a chomhlíonadh mar a shainmhínítear i Roinn 4 agus i Roinn 5 de Chaibidil VI de Theideal I de Threoir 2009/138/CE nó an ceanglas maidir le sócmhainneacht an ghrúpa a chomhlíonadh mar a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2009/138/CE; Beidh uasfhad 11 taobh de leathanaigh A4 sa doiciméad dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (ba)(iii), nuair a phriontálfar é, agus leagfar amach ar bhealach atá éasca le léamh é, ag baint úsáid as carachtair de mhéid inléite agus dréachtófar é i dteanga oifigiúil an Bhallstáit baile, nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi. Cuirfear san áireamh sa chomaoin chomhiomlánaithe iomlán le haghaidh na n-urrús a thairgtear don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (i), comaoin chomhiomlánaithe iomlán na dtairiscintí urrús uile don phobal atá ar siúl agus na tairiscintí don phobal a rinneadh sa 12 mhí roimh dháta tosaithe tairisceana nua urrús don phobal, cé is moite de na tairiscintí urrús sin don phobal dár foilsíodh réamheolaire nó a bhí faoi réir aon díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|