+Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “urrúis” urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, amach ó ionstraimí margaidh airgid mar a shainmhínítear i bpointe (17) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ar lú ná 12 mhí a n-aibíocht;

(b) 

ciallaíonn “urrúis chothromais” scaireanna agus urrúis inaistrithe eile atá coibhéiseach le scaireanna i gcuideachtaí, agus aon chineál eile urrús inaistrithe lena dtugtar an ceart aon cheann de na hurrúis réamhráite a fháil de thoradh a gcomhshóite nó de thoradh na cearta a thugtar leo a fheidhmiú, ar choinníoll gurb é eisitheoir na scaireanna foluiteacha nó eintiteas atá i ngrúpa an eisitheora sin a dhéanann na hurrúis den dara saghas sin a eisiúint;

(c) 

ciallaíonn “urrúis neamhchothromais” na hurrúis uile nach urrúis chothromais iad;

(d) 

ciallaíonn “tairiscint urrús don phobal” teachtaireacht a thugtar do dhaoine in aon fhormáid nó ar aon mhodh, ar leor an méid faisnéise a thugtar ann faoi théarmaí na tairisceana agus faoi na hurrúis atá le tairiscint le go bhféadfaidh infheisteoir a chinneadh na hurrúis sin a cheannach nó a shuibscríobh. Tá feidhm ag an sainmhíniú seo, freisin, maidir le hurrúis a thairgtear trí idirghabhálaithe airgeadais;

▼M5

(da) 

ciallaíonn “athstruchtúrú” athstruchtúrú mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );

(db) 

ciallaíonn “imeachtaí dócmhainneachta” imeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );

▼B

(e) 

ciallaíonn “infheisteoirí cáilithe” daoine nó eintitis a liostaítear i bpointe (1) go pointe (4) de Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, agus daoine nó eintitis a gcaitear leo, arna iarraidh sin dóibh, mar chliaint ghairmiúla i gcomhréir le Roinn II den Iarscríbhinn sin, nó a aithnítear mar chontrapháirtithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir 2014/65/AE, ach amháin má tá comhaontú déanta acu go gcaithfí leo mar chliaint neamhghairmiúlai gcomhréir leis an ceathrú mír de Roinn I den Iarscríbhinn sin.Chun críocha phointe (e) den Airteagal seo, ar iarraidh ón eisitheoir, tabharfaidh gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa aicmiú a gcliant le fios don eisitheoir faoi réir chomhlíonadh na ndlíthe ábhartha maidir le cosaint sonraí;

(f) 

ciallaíonn “fiontair bheaga agus mheánmhéide” nó 'FBManna' aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) 

cuideachtaí a chomhlíonann péire ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas bunaithe ar a gcuid ráitis airgeadais bliantúla nó comhdhlúite: go bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe acu ar an meán le linn na bliana airgeadais, nach mó ná EUR 43 000 000 a gcuid iomlán sócmhainní, agus nach mó ná EUR 50 000 000 a ndíolachán glan bliantúil

(ii) 

fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(g) 

►C1  ciallaíonn “institiúid creidmheasa” gnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; ◄

(h) 

ciallaíonn “eisitheoir” eintiteas dlíthiúil a eisíonn urrúis nó a bhfuil sé beartaithe aige urrúis a eisiúint;

(i) 

ciallaíonn “tairgeoir” eintiteas dlíthiúil nó duine dlítheanach a thairgeann urrúis don phobal;

(j) 

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(k) 

ciallaíonn “fógrán” teachtaireacht lena mbaineann an dá thréith seo a leanas:

(i) 

a bhaineann le tairiscint ar leith urrús don phobal nó le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(ii) 

a bhfuil sé mar aidhm shonrach léi suibscríobh nó fáil fhéideartha urrús a chur chun cinn;

(l) 

ciallaíonn “faisnéis rialáilte” faisnéis rialáilte mar a shainmhínítear i bpointe (k) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE;

(m) 

ciallaíonn “Ballstát baile”:

(i) 

i gcás gach eisitheora urrús atá bunaithe san Aontas agus nach bhfuil luaite i bpointe (ii), an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir;

(ii) 

i gcás aon eisiúintí d'urrúis neamhchothromais arb é EUR 1 000 ar a laghad a n-ainmníocht in aghaidh an aonaid agus i gcás aon eisiúintí d'urrúis neamhchothromais lena dtugtar an ceart aon urrúis inaistrithe a fháil nó méid airgid a fháil, de thoradh a gcomhshóite nó de thoradh na cearta a thugtar leis na hurrúis sin a fheidhmiú, ar choinníoll nach é eisitheoir na n-urrús foluiteach ná eintiteas atá i ngrúpa an eisitheora sin eisitheoir na n-urrús neamhchothromais, ná an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir, nó i gcás inar ligeadh nó ina ligfear na hurrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó inar tairgeadh na hurrúis don phobal, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Beidh an méid céanna infheidhme maidir le hurrúis neamhchothromais in airgeadra seachas an euro, ar choinníoll go bhfuil an luach ainmniúil íosta coibhéiseach, a bheag nó a mhór, le EUR 1 000 ;

(iii) 

i gcás gach eisitheora urrús atá bunaithe i dtríú tír agus nach luaitear i bpointe (ii), an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe na hurrúis a thairiscint don phobal den chéad uair nó ina ndéantar, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, an chéad iarraidh urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, faoi réir rogha eisitheoirí atá bunaithe i dtríú tír ina dhiaidh sin i gceann de na cásanna seo a leanas:

— 
nár cinneadh an Ballstát baile trí rogha na n-eisitheoirí sin,
— 
i gcomhréir le pointe (i)(iii) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE;
(n) 

ciallaíonn “Ballstát óstach” an Ballstát ina dtairgtear urrúis don phobal nó ina n-iarrtar go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, ar mhargadh rialáilte, i gcás nach ionann é agus an Ballstát baile;

(o) 

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás a ainmníonn gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 31 mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo;

(p) 

ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta nach den chineál iata é” iontaobhais aonaid agus cuideachtaí infheistíochta lena mbaineann an dá thréith seo a leanas:

(i) 

tiomsaíonn siad caipiteal ó infheisteoirí éagsúla, d'fhonn é a infheistiú i gcomhréir le beartas sainithe infheistíochta ar mhaithe leis na hinfheisteoirí sin;

(ii) 

déantar a n-aonaid, arna iarraidh sin don sealbhóir, a athcheannach nó a fhuascailt, go díreach nó go hindíreach, as a sócmhainní féin;

(q) 

ciallaíonn “aonaid gnóthais comhinfheistíochta” urrúis arna n-eisiúint ag gnóthas comhinfheistíochta lena léirítear cearta na rannpháirtithe chun sócmhainní gnóthais den sórt sin;

▼M5

(r) 

ciallaíonn “formheas” toradh dearfach an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile ar iomláine, ar chomhsheasmhacht agus ar shothuigtheacht na faisnéise atá sa réamheolaire, ach ní bhaineann sé le cruinneas na faisnéise sin;

▼B

(s) 

ciallaíonn “réamheolaire bunaidh” réamheolaire lena gcomhlíontar Airteagal 8, agus, de rogha an eisitheora, téarmaí críochnaitheacha na tairisceana;

(t) 

ciallaíonn “laethanta oibre” laethanta oibre an údaráis inniúil ábhartha gan an Satharn, an Domhnach ná laethanta saoire poiblí a áireamh, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an údarás inniúil sin;

(u) 

►C1  ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” nó “MTF” saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in i bpointe (22) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE; ◄

(v) 

►C1  ciallaíonn “saoráid trádála eagraithe” nó “OTF” saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear i bpointe (23) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE; ◄

(w) 

ciallaíonn “margadh fáis FBManna” margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(x) 

ciallaíonn “eisitheoir i dtríú tír” eisitheoir atá bunaithe i dtríú tír;

(y) 

ciallaíonn “tréimhse na tairisceana” an tréimhse a bhféadfaidh infheisteoirí féideartha urrúis a cheannach nó suibscríobh dóibh lena linn;

▼M5

(z) 

ciallaíonn “formáid leictreonach” formáid leictreonach mar a shainmhínítear í in Airteagal 4(1), pointe (62a), de Threoir 2014/65/AE.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.