Féadfaidh tairiscint urrús don phobal leanúint de bheith ann tar éis don réamheolaire bunaidh faoinar tionscnaíodh í dul in éag ar choinníoll go bhformheasfar agus go bhfoilseofar réamheolaire bunaidh comharba tráth nach déanaí ná lá deiridh bhailíocht an réamheolaire bunaidh reatha. Beidh rabhadh feiceálach ar an gcéad leathanach de théarmaí críochnaitheacha na tairisceana sin, rabhadh ina dtabharfar le fios lá deiridh bhailíocht an réamheolaire bunaidh reatha agus an áit a bhfoilseofar an réamheolaire bunaidh comharba. Beidh foirm na dtéarmaí críochnaitheacha as an gcéad réamheolaire bunaidh ar áireamh sa réamheolaire bunaidh comharba nó corprófar í de réir tagairtí agus déanfar tagairt do na téarmaí críochnaitheacha atá ábhartha don tairiscint atá ag leanúint de bheith ann.
Beidh ceart tarraingthe siar de bhun Airteagal 23(2) infheidhme maidir le hinfheisteoirí, freisin, a d'aontaigh na hurrúis a cheannach nó suibscríobh dóibh le linn thréimhse bailíochta an réamheolaire bunaidh reatha, ach amháin i gcás inar tugadh na hurrúis dóibh cheana.