+Airteagal 8 An réamheolaire bunaidh
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 8 10.
---+Airteagal 8 11.
|
Airteagal 8 An réamheolaire bunaidh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
I gcás urrúis neamhchothromais lena n-áirítear barántais in aon fhoirm, féadfaidh, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, réamheolaire bunaidh a bheith sa réamheolaire agus is é a bheidh ann an fhaisnéis riachtanach faoin eisitheoir agus faoi na hurrúis atá á dtairiscint don phobal nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa réamheolaire bunaidh:
(a)
teimpléad dar teideal 'foirm na dtéarmaí críochnaitheacha', a bheidh le comhlánú maidir le gach eisiúint ar leith agus ina léirítear na roghanna atá ar fáil maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cinneadh i dtéarmaí críochnaitheacha na tairisceana;
(b)
seoladh an tsuímh gréasáin ar a bhfoilseofar na téarmaí críochnaitheacha.
|
|
Airteagal 8 3.
|
I gcás réamheolaire bunaidh ina bhfuil roghanna maidir leis an bhfaisnéis a éilítear i nóta ábhartha mínithe na n-urrús, cinnfear sna téarmaí críochnaitheacha cé acu de na roghanna is infheidhme maidir leis an eisiúint aonair trí thagairt a dhéanamh do ranna ábhartha an réamheolaire bunaidh nó trí fhaisnéis den chineál sin a mhacasamhlú.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Léireofar na téarmaí críochnaitheacha i bhfoirm doiciméad ar leithligh nó cuirfear iad sa réamheolaire bunaidh nó in aon fhorlíonadh a bheidh ag gabháil leis. Déanfar na téarmaí críochnaitheacha a ullmhú i bhfoirm so-inanailísithe agus sothuigthe.
Ní bheidh sna téarmaí críochnaitheacha ach faisnéis a bhaineann le nóta mínithe na n-urrús agus ní úsáidfear iad chun an réamheolaire bunaidh a fhorlíonadh. Beidh feidhm ag pointe (b) d'Airteagal 17 i gcásanna den sórt sin.
|
|
Airteagal 8 5.
|
I gcás nach luaitear na téarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh, ná i bhforlíonadh, cuirfidh an t-eisitheoir ar fáil don phobal iad i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21 agus comhdóidh sé iad le húdarás inniúil an Bhallstáit baile, a luaithe is féidir a tráth a thairgeann urrúis don phobal agus, más féidir, sula gcuirfear tús leis na hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
Cuirfear ráiteas soiléir agus feiceálach isteach sna téarmaí críochnaitheacha á thabhairt le fios:
(a)
gur chun críche an Rialacháin seo a ullmhaíodh na téarmaí críochnaitheacha agus nach mór iad a léamh in éineacht leis an réamheolaire bunaidh agus an forlíonadh nó na forlíontaí a ghabhann leis d'fhonn an fhaisnéis ábhartha go léir a fháil;
(b)
an áit ar foilsíodh an réamheolaire bunaidh agus an forlíonadh nó na forlíontaí a ghabhann leis i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21;
(c)
go bhfuil achoimre den eisiúint ar leith i gceangal leis na téarmaí críochnaitheacha.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Féadfar réamheolaire bunaidh a tharraingt suas ina mbeidh doiciméad amháin nó roinnt doiciméad ar leithligh.
I gcás ina ndearna an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte doiciméad clárúcháin a chomhdú maidir le hurrúis neamhchothromais, nó doiciméad clárúcháin uilíoch i gcomhréir le Airteagal 9, agus, go dtograíonn sé réamheolaire bunaidh a tharraingt suas, beidh an méid seo a leanas sa réamheolaire bunaidh:
(a)
an fhaisnéis atá sa doiciméad clárúcháin, nó sa doiciméad clárúcháin uilíoch;
(b)
an fhaisnéis a bheadh i nóta ábhartha mínithe na n-urrús, dá mba ann dó, amach ó na téarmaí críochnaitheacha i gcás nach n-áirítear na téarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh.
|
|
Airteagal 8 7.
|
Déanfar an fhaisnéis shonrach faoi gach urrús ar leith a dheighilt go soiléir sa réamheolaire bunaidh.
|
|
Airteagal 8 8.
|
Ní tharraingeofar achoimre suas go dtí go mbeidh na téarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh, nó i bhforlíonadh, nó go gcomhdófar iad, agus is leis an eisiúint ar leithligh sin amháin a bhainfidh an achoimre sin.
|
|
Airteagal 8 9.
|
Beidh achoimre na heisiúna ar leithligh faoi réir na gceanglas céanna leis na téarmaí críochnaitheacha, mar a leagtar amach san Airteagal seo, agus beidh sí i gceangal leo.
Comhlíonfar Airteagal 7 le hachoimre na heisiúna ar leithligh agus beidh an méid seo a leanas inti:
(a)
an fhaisnéis bhunriachtanach sa réamheolaire bunaidh, lena n-áirítear an fhaisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir;
(b)
an fhaisnéis bhunriachtanach sna téarmaí críochnaitheacha iomchuí lena n-áirítear an fhaisnéis bhunriachtanach nár áiríodh sa réamheolaire bunaidh.
I gcás ina mbaineann na téarmaí críochnaitheacha le hurrúis éagsúla nach bhfuil de dhifear eatarthu ach méid beag mionsonraí, amhail an praghas eisiúna nó an dáta aibíochta, féadfar achoimre amháin den eisiúint ar leithligh a chur i gceangal maidir leis na hurrúis sin uile, ar choinníoll go bhfuil deighilt shoiléir idir an fhaisnéis a bhaineann leis na hurrúis éagsúla.
|
|
Airteagal 8 10.
|
Déanfar an fhaisnéis atá sa réamheolaire bunaidh, más gá, a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 23.
|
|
Airteagal 8 11.
|
Féadfaidh tairiscint urrús don phobal leanúint de bheith ann tar éis don réamheolaire bunaidh faoinar tionscnaíodh í dul in éag ar choinníoll go bhformheasfar agus go bhfoilseofar réamheolaire bunaidh comharba tráth nach déanaí ná lá deiridh bhailíocht an réamheolaire bunaidh reatha. Beidh rabhadh feiceálach ar an gcéad leathanach de théarmaí críochnaitheacha na tairisceana sin, rabhadh ina dtabharfar le fios lá deiridh bhailíocht an réamheolaire bunaidh reatha agus an áit a bhfoilseofar an réamheolaire bunaidh comharba. Beidh foirm na dtéarmaí críochnaitheacha as an gcéad réamheolaire bunaidh ar áireamh sa réamheolaire bunaidh comharba nó corprófar í de réir tagairtí agus déanfar tagairt do na téarmaí críochnaitheacha atá ábhartha don tairiscint atá ag leanúint de bheith ann.
Beidh ceart tarraingthe siar de bhun Airteagal 23(2) infheidhme maidir le hinfheisteoirí, freisin, a d'aontaigh na hurrúis a cheannach nó suibscríobh dóibh le linn thréimhse bailíochta an réamheolaire bunaidh reatha, ach amháin i gcás inar tugadh na hurrúis dóibh cheana.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|