+Airteagal 9 12.

Airteagal 9 12.

I gcás ina ndéantar an doiciméad clárúcháin uilíoch a comhdaíodh leis an údarás inniúil, nó a d'fhormheas an t-údarás inniúil, a phoibliú ceithre mhí ar a laghad tar éis dheireadh na bliana airgeadais, agus go bhfuil an fhaisnéis ann a cheanglaítear a nochtadh sa tuarascáil airgeadais bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2004/109/CE, sa chás sin measfar go bhfuil an oibleagáid atá ar an eisitheoir faoin Airteagal sin, a bhaineann leis an tuarascáil bhliantúil airgeadais a fhoilsiú, comhlíonta aige.

I gcás ina ndéantar an doiciméad clárúcháin uilíoch, nó leasú air, a chomhdú leis an údarás inniúil nó i gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil é a fhormheas, agus go bpoiblítear é trí mhí ar a laghad tar éis dheireadh na chéad sé mhí den bhliain airgeadais, agus go bhfuil an fhaisnéis ann a cheanglaítear a nochtadh sa tuarascáil leathbhliantúil airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2004/109/CE, sa chás sin measfar go bhfuil an oibleagáid atá ar an eisitheoir faoin Airteagal sin, a bhaineann leis an tuarascáil leathbhliantúil airgeadais a fhoilsiú, comhlíonta aige.

Sna cásanna dá dtagraítear orthu sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfaidh an t-eisitheoir an méid seo a leanas:

(a) 

liosta crostagartha a chur san áireamh sa doiciméad clárúcháin uilíoch lena sainaithneofar an áit ar féidir teacht ar gach mír sa doiciméad clárúcháin uilíoch, is míreanna a cheanglaítear sna tuarascálacha bliantúla agus leathbhliantúla airgeadais;

(b) 

an doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Threoir 2004/109/CE agus é a chur ar fáil don sásra atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Treoir sin;

(c) 

ráiteas freagrachta a chur sa doiciméad clárúcháin uilíoch de réir na dtéarmaí a cheanglaítear faoi phointe (c) d'Airteagal 4(2) agus pointe (c) d'Airteagal 5(2) de Threoir 2004/109/CE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.