+Airteagal 9 An doiciméad clárúcháin uilíoch
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
---+Airteagal 9 8.
---+Airteagal 9 9.
---+Airteagal 9 10.
---+Airteagal 9 11.
---+Airteagal 9 12.
---+Airteagal 9 13.
---+Airteagal 9 14.
|
Airteagal 9 An doiciméad clárúcháin uilíoch
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Aon eisitheoir a ligtear isteach a chuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar MTF, féadfaidh sé doiciméad clárúcháin a tharraingt suas gach bliain airgeadais i bhfoirm doiciméad clárúcháin uilíoch ina mbeidh tuairisc ar struchtúr, gnó, staid airgeadais, tuilleamh agus ionchais, struchtúr rialachais agus scairsheilbhe na cuideachta.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Aon eisitheoir a thograíonn doiciméad clárúcháin uilíoch a tharraingt suas gach bliain airgeadais, cuirfidh sé faoi bhráid údarás inniúil a Bhallstáit baile é lena fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20(2) agus (4).
▼M5
Tar éis don údarás inniúil doiciméad clárúcháin uilíoch an eisitheora a fhormheas le haghaidh bliain airgeadais amháin, féadfar doiciméid clárúcháin uilíocha ina dhiaidh sin a chomhdú leis an údarás inniúil gan formheas a fháil roimh ré.
▼B
I gcás nach n-éiríonn leis an eisitheoir, ina dhiaidh sin, doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú maidir le bliain airgeadais amháin, caillfear an cead doiciméid clárúcháin uilíoch chomharba a chomhdú gan formheas a fháil roimh ré agus beidh gá gach doiciméad clárúcháin uilíoch comharba a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena fhormheas go dtí go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach sa dara fomhír arís.
Léireoidh an t-eisitheoir san iarratas a dhéanfaidh sé chuig an údarás inniúil cibé acu atá nó nach bhfuil an doiciméad clárúcháin uilíoch á thíolacadh lena fhormheas nó lena chomhdú gan formheas a fháil roimh ré.
I gcás ina n-iarrann an t-eisitheoir dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo fógra faoina dhoiciméad clárúcháin uilíoch de bhun Airteagal 26, tíolacfaidh sé a dhoiciméad clárúcháin uilíoch lena fhormheas, lena n-áirítear aon leasuithe a dhéantar air a comhdaíodh roimhe sin.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Eisitheoirí ar fhormheas údarás inniúil, roimh an 21 Iúil 2019,dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, doiciméad clárúcháin dóibh ar a laghad dhá bhliain airgeadais as a chéile, doiciméad a tarraingíodh suas i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 (
10
) ón gCoimisiún agus a chomhdaigh doiciméad clárúcháin den sórt sin ina dhiaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/71/CE, nó ar éirigh leo doiciméad clárúcháin den sórt sin a fhormheas gach bliain, beidh cead acu, ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú gan formheas a fháil roimh ré i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo ón 21 Iúil 2019.
|
|
Airteagal 9 4.
|
A luaithe a fhormheasfar an doiciméad clárúcháin uilíoch nó a chomhdófar é gan formheas a fháil roimh ré, déanfar é, agus na leasuithe air dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 9 den Airteagal seo, a chur ar fáil don phobal gan moill mhíchuí, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Comhlíonfar na ceanglais teanga a leagtar síos in Airteagal 27 sa doiciméad clárúcháin uilíoch.
|
|
Airteagal 9 6.
|
Féadfar faisnéis a chorprú de réir tagairtí i ndoiciméad clárúcháin uilíoch faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19.
|
|
Airteagal 9 7.
|
Tar éis doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú nó a fhormheas, féadfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis atá ann a nuashonrú, tráth ar bith, trí leasú a ghabhann leis a chomhdú leis an údarás inniúil. Faoi réir na chéad agus an dara fomhír d’Airteagal 10(3), ní cheanglófar formheas ar chomhdú an leasaithe leis an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 9 8.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil inneachar aon doiciméid clárúcháin uilíoch a comhdaíodh gan formheas a fháil roimh ré, agus inneachar na leasuithe a rinneadh air, a athbhreithniú tráth ar bith.
Is é a bheidh i gceist le hathbhreithniú an údaráis inniúil grinnscrúdú a dhéanamh ar iomláine, ar chomhsheasmhacht agus ar shothuigtheacht na faisnéise atá sa doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a rinneadh air.
|
|
Airteagal 9 9.
|
I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil, le linn an athbhreithnithe, nach gcomhlíontar na caighdeáin a bhaineann le hiomláine, sothuigtheacht agus comhsheasmhacht leis an doiciméad clárúcháin uilíoch agus/nó go bhfuil gá le leasuithe nó le faisnéis fhorlíontach, tabharfaidh sé fógra don eisitheoir maidir leis sin.
I gcás ina n-iarrann an t-údarás inniúil ar an eisitheoir leasú a dhéanamh nó faisnéis fhorlíontach a thabhairt, ní bheidh ar an eisitheoir an iarraidh sin a chur san áireamh ach sa chéad doiciméad clárúcháin uilíoch eile a chomhdófar don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, ach amháin más mian leis an eisitheoir an doiciméad clárúcháin uilíoch a úsáid mar chuid de réamheolaire a tíolacadh cheana lena fhormheas. Sa chás sin, comhdóidh an t-eisitheoir leasú ar an doiciméad clárúcháin uilíoch, agus déanfaidh sé sin ar a dhéanaí faoin tráth a thíolacfar an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 20(6).
De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina dtugann an t-údarás inniúil fógra don eisitheoir go mbaineann a iarratas ar leasú a dhéanamh nó ar fhfaisnéis fhorlíontach le heasnamh nó botún bainteach nó míchruinneas substainte, ar dócha go gcuirfeadh sé an pobal amú maidir le fíricí agus imthosca atá sár-riachtanach le measúnú feasach a dhéanamh ar an eisitheoir, sa chás sin comhdóidh an t-eisitheoir leasú ar an doiciméad clárúcháin uilíoch gan moill mhíchuí.
Féadfaidh an t-údarás inniúil leagan comhdhlúite den doiciméad clárúcháin uilíoch leasaithe a iarraidh ón eisitheoir, i gcás inar gá leagan comhdhlúite den chineál sin chun sothuigtheacht na faisnéise a chuirtear ar fáil sa doiciméad sin a áirithiú. Féadfaidh eisitheoir leagan comhdhlúite dá dhoiciméad clárúcháin uilíoch leasuithe a áireamh in iarscríbhinn a ghabhann leis an leasú.
|
|
Airteagal 9 10.
|
Ní bheidh feidhm ag mhír 7 agus mhír 9 ach amháin i gcás nach bhfuil an doiciméad clárúcháin uilíoch á úsáid mar chuid den réamheolaire. I gcás ina bhfuil doiciméad clárúcháin uilíoch á úsáid mar chuid de réamheolaire, is ag Airteagal 23 maidir leis an réamheolaire a fhorlíonadh, agus ag Airteagal 23 amháin, a bheidh feidhm sa tréimhse idir tráth formheasta an réamheolaire agus dúnadh críochnaitheach na tairisceana urrús don phobal nó, de réir mar a bheidh, an tráth a chuirtear tús leis an trádáil ar mhargadh rialáilte, cibé acu is déanaí a tharlóidh.
|
|
Airteagal 9 11.
|
Eisitheoir a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír de mhír 2 nó i mír 3 den Airteagal seo, beidh stádas eisitheora rialta aige agus beidh sé in ann leas a bhaint as an bpróiseas formheasta níos tapa a bhfuil tuairisc air i gcomhréir le hAirteagal 20(6), ar choinníoll:
(a)
le linn don eisitheoir gach doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú nó a chur isteach lena fhormheas, go ndearbhaíonn sé i scríbhinn don údarás inniúil, chomh fada agus is eol dó, go bhfuil an fhaisnéis rialáilte go léir a raibh ceangal air a nochtadh faoi Threoir 2004/109/CE, más infheidhme, agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, gur cumhdaíodh í agus gur foilsíodh í i gcomhréir leis na gníomhartha sin, le 18 mí anuas nó le linn na tréimhse ónar thosaigh an oibleagáid chun faisnéis rialáilte a nochtadh, cibé tréimhse acu is giorra; agus
(b)
i gcás ina bhfuil athbhreithniú déanta ag an údarás inniúil amhail dá dtagraítear i mír 8, go mbeidh a dhoiciméad clárúcháin uilíoch leasaithe ag an eisitheoir i gcomhréir le mír 9.
I gcás nach gcomhlíonann an t-eisitheoir aon cheann de na coinníollacha thuas, caillfidh sé stádas an eisitheora rialta.
|
|
Airteagal 9 12.
|
I gcás ina ndéantar an doiciméad clárúcháin uilíoch a comhdaíodh leis an údarás inniúil, nó a d'fhormheas an t-údarás inniúil, a phoibliú ceithre mhí ar a laghad tar éis dheireadh na bliana airgeadais, agus go bhfuil an fhaisnéis ann a cheanglaítear a nochtadh sa tuarascáil airgeadais bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2004/109/CE, sa chás sin measfar go bhfuil an oibleagáid atá ar an eisitheoir faoin Airteagal sin, a bhaineann leis an tuarascáil bhliantúil airgeadais a fhoilsiú, comhlíonta aige.
I gcás ina ndéantar an doiciméad clárúcháin uilíoch, nó leasú air, a chomhdú leis an údarás inniúil nó i gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil é a fhormheas, agus go bpoiblítear é trí mhí ar a laghad tar éis dheireadh na chéad sé mhí den bhliain airgeadais, agus go bhfuil an fhaisnéis ann a cheanglaítear a nochtadh sa tuarascáil leathbhliantúil airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2004/109/CE, sa chás sin measfar go bhfuil an oibleagáid atá ar an eisitheoir faoin Airteagal sin, a bhaineann leis an tuarascáil leathbhliantúil airgeadais a fhoilsiú, comhlíonta aige.
Sna cásanna dá dtagraítear orthu sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfaidh an t-eisitheoir an méid seo a leanas:
(a)
liosta crostagartha a chur san áireamh sa doiciméad clárúcháin uilíoch lena sainaithneofar an áit ar féidir teacht ar gach mír sa doiciméad clárúcháin uilíoch, is míreanna a cheanglaítear sna tuarascálacha bliantúla agus leathbhliantúla airgeadais;
(b)
an doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Threoir 2004/109/CE agus é a chur ar fáil don sásra atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Treoir sin;
(c)
ráiteas freagrachta a chur sa doiciméad clárúcháin uilíoch de réir na dtéarmaí a cheanglaítear faoi phointe (c) d'Airteagal 4(2) agus pointe (c) d'Airteagal 5(2) de Threoir 2004/109/CE.
|
|
Airteagal 9 13.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 12 ach amháin más ionann Ballstát baile an eisitheora chun críocha an Rialacháin seo agus an Ballstát baile chun críocha Threoir 2004/109/CE, agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 20 de Treoir sin le teanga an doiciméid clárúcháin uilíoch.
|
|
Airteagal 9 14.
|
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 21 Eanáir 2019, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a shonrú maidir le grinnscrúdú agus athbhreithniú ar an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, agus ar na nósanna imeachta d’fhormheas, do chomhdú agus d’athbhreithniú na ndoiciméad sin mar aon leis na coinníollacha faoina bhféadfar stádas eisitheora rialta a chailleadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|