+Airteagal 10 Réamheolairí ina bhfuil doiciméid ar leithligh
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
|
Airteagal 10 Réamheolairí ina bhfuil doiciméid ar leithligh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Eisitheoir a ndearna údarás inniúil a dhoiciméad clárúcháin a fhormheas cheana, ní bheidh air ach nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre a tharraingt suas, más infheidhme, nuair a dhéantar urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Sa chás sin, beidh nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre faoi réir formheas ar leith.
Más rud é, ó formheasadh an doiciméad clárúcháin, go dtagann
►C1
toisc nua tábhachtach ◄ , botún substainte nó míchruinneas substainte chun cinn maidir leis an bhfaisnéis atá sa doiciméad clárúcháin agus go bhféadfaí difear a dhéanamh do mheasúnú na n-urrús leis sin, déanfar forlíonadh ar an doiciméad clárúcháin a thíolacadh lena fhormheas faoin tráth a thíolacfar nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre isteach, ar a dhéanaí. Ní bheidh feidhm sa chás sin ag an gceart chun glacadh a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 23(2).
A luaithe a bheidh an doiciméad clárúcháin agus an forlíonadh, más infheidhme, mar aon le nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre, a luaithe a bheidh siad sin formheasta ag an údarás inniúil is réamheolaire a bheidh iontu.
|
|
Airteagal 10 2.
|
A luaithe a fhormheasfar é, cuirfear an doiciméad clárúcháin ar fáil don phobal, gan moill mhíchuí agus i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Eisitheoir a ndearna an t-údarás inniúil a dhoiciméad clárúcháin uilíoch a fhormheas cheana, nó a rinne doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú gan formheas a fháil roimh ré de bhun an dara fomhír d’Airteagal 9(2), ní bheidh air ach nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre a tharraingt suas ar urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
I gcás inar formheasadh an doiciméad clárúcháin uilíoch cheana féin, beidh faoi réir formheas ar leith nóta mínithe na n-urrús, an achoimre agus na leasuithe uile ar an doiciméad clárúcháin uilíoch a comhdaíodh ó formheasadh an doiciméad clárúcháin uilíoch.
I gcás inar chomhdaigh an t-eisitheoir doiciméad clárúcháin uilíoch gan formheas a fháil roimh ré, beidh iomlán na ndoiciméad, lena n-áirítear na leasuithe ar an doiciméad clárúcháin uilíoch, faoi réir formheasa, ainneoin gur doiciméid ar leithligh atá sna doiciméid sin.
A luaithe a bheidh an doiciméad clárúcháin uilíoch, arna leasú i gcomhréir le hAirteagal 9(7) nó (9), mar aon le nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre, a luaithe a bheidh siad sin formheasta ag an údarás inniúil is réamheolaire a bheidh iontu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|