|
+Airteagal 10 3. |
Airteagal 10 3.Eisitheoir a ndearna an t-údarás inniúil a dhoiciméad clárúcháin uilíoch a fhormheas cheana, nó a rinne doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú gan formheas a fháil roimh ré de bhun an dara fomhír d’Airteagal 9(2), ní bheidh air ach nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre a tharraingt suas ar urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. I gcás inar formheasadh an doiciméad clárúcháin uilíoch cheana féin, beidh faoi réir formheas ar leith nóta mínithe na n-urrús, an achoimre agus na leasuithe uile ar an doiciméad clárúcháin uilíoch a comhdaíodh ó formheasadh an doiciméad clárúcháin uilíoch. I gcás inar chomhdaigh an t-eisitheoir doiciméad clárúcháin uilíoch gan formheas a fháil roimh ré, beidh iomlán na ndoiciméad, lena n-áirítear na leasuithe ar an doiciméad clárúcháin uilíoch, faoi réir formheasa, ainneoin gur doiciméid ar leithligh atá sna doiciméid sin. A luaithe a bheidh an doiciméad clárúcháin uilíoch, arna leasú i gcomhréir le hAirteagal 9(7) nó (9), mar aon le nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre, a luaithe a bheidh siad sin formheasta ag an údarás inniúil is réamheolaire a bheidh iontu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|