+Airteagal 11 Freagracht a ghabhann le réamheolaire
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
|
Airteagal 11 Freagracht a ghabhann le réamheolaire
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gur ar an eisitheoir, ar a laghad, nó ar a chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, ar an tairgeoir, ar an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar an ráthóir, de réir mar is amhlaidh, a bheidh an fhreagracht as an bhfaisnéis a thugtar i réamheolaire, agus aon fhorlíonadh a ghabhann leis. Aithneofar go soiléir sa réamheolaire na daoine atá freagrach as an réamheolaire, agus aon fhorlíonadh a ghabhann leis, agus déanfar sin trína n-ainmneacha agus a bhfeidhmeanna a lua, nó i gcás daoine dlítheanacha trína n-oifigí cláraithe a lua, agus chomh maith leis sin trí dhearbhuithe uathu á rá go bhfuil, chomh fada lena n-eolas, an fhaisnéis atá sa réamheolaire i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh sa réamheolaire a d'fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe, a rialacháin agus a bhforálacha riaracháin i leith dliteanas sibhialta maidir leis na daoine sin atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa réamheolaire.
▼M5
Áiritheoidh na Ballstáit, áfach, nach mbeidh aon dliteanas sibhialta ar aon duine ar bhonn na hachoimre de bhun Airteagal 7 agus ar an mbonn sin amháin, lena n-áirítear aon aistriúchán uirthi, mura rud é gur fíor an méid a leanas:
▼B
(a)
má tá sí míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht le codanna eile den réamheolaire í, nó
(b)
mura dtugtar, nuair a léitear in éineacht le codanna eile den réamheolaire í, faisnéis bhunriachtanach inti chun cabhrú le hinfheisteoirí agus é á bhreithniú acu ar cheart dóibh infheistiú sna hurrúis sin.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Ní bheidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 freagrach as an bhfaisnéis a thugtar i ndoiciméad clárúcháin ná i ndoiciméad clárúcháin uilíoch, ach amháin i gcásanna ina bhfuil an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch á úsáid mar chuid de réamheolaire formheasta.
Beidh feidhm ag an gcéád fhomhír sin gan dochar d'Airteagal 4 agus d'Airteagal 5 de Threoir 2004/109/CE i gcás ina gcuirtear an fhaisnéis faoi na hAirteagail sin san áireamh i ndoiciméad clárúcháin uilíoch.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|