+Airteagal 15a 1.

Airteagal 15a 1.

Gan dochar d’Airteagal 1(4) agus d’Airteagal 3(2) agus (2a), féadfaidh na daoine seo a leanas réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas i gcás ina dtairgfear urrúis don phobal, ar choinníoll nach bhfuil aon urrúis iontu a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a) 

FBManna;

(b) 

eisitheoirí, seachas FBManna, a ligtear isteach a gcuid urrús, nó a ligfear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna;

(c) 

eisitheoirí, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), i gcás ina bhfuil an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús arna dtairiscint don phobal níos lú ná EUR 50 000 000 arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, agus ar choinníoll nach bhfuil aon urrúis arna dtrádáil ar MTF ag eisitheoirí den sórt sin agus go raibh meánlíon fostaithe suas le 499 acu le linn na bliana airgeadais roimhe sin;

(d) 

tairgeoirí urrúis arna n-eisiúint ag eisitheoirí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

Cuirfear san áireamh sa chomaoin chomhiomlánaithe iomlán le haghaidh na n-urrús a thairgtear don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), comaoin chomhiomlánaithe iomlán na dtairiscintí urrús uile don phobal atá ar siúl agus na tairiscintí don phobal a rinneadh sa 12 mhí roimh dháta tosaithe tairisceana nua urrús don phobal, cé is moite de na tairiscintí urrús sin don phobal dár foilsíodh réamheolaire nó a bhí faoi réir aon díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú de bhun Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, nó de bhun Airteagal 3(2) nó (2a). Thairis sin, áireofar i gcomaoin chomhiomlánaithe iomlán na n-urrús a thairgtear don phobal gach cineál agus gach aicme urrús a thairgtear.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.