Féadfaidh ÚEUM, nó sa chás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an liosta doiciméad a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a nuashonrú trí chineálacha eile doiciméad a áireamh ann, ar doiciméid iad a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais atá le comhdú le húdarás poiblí nó le bheith formheasta aige.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.