+Airteagal 19 Corprú de réir tagairtí
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 1a.
---+Airteagal 19 1b.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
|
Airteagal 19 Corprú de réir tagairtí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Aon fhaisnéis a chuimseofar i réamheolaire de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo, féadfar í a chorprú trí thagairt sa réamheolaire sin i gcás inar foilsíodh an fhaisnéis sin go leictreonach cheana nó ina bhfoilsítear go leictreonach í an tráth céanna, arna tarraingt suas i dteanga a chomhlíonann ceanglais Airteagalo27 agus i gcás ina bhfuil sí cuimsithe i gceann de na doiciméid seo a leanas:
(a)
doiciméid arna bhformheas ag údarás inniúil nó arna gcomhdú le húdarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear doiciméad clárúcháin uilíoch nó aon ranna den doiciméad sin;
(b)
na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, pointí (da), (db) agus (f) go (i), agus in Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointí (ba) agus (e) go (h);
▼B
(d)
faisnéis airgeadais bhliantúil agus eatramhach;
(e)
tuarascálacha iniúchóireachta agus ráitis airgeadais;
▼M5
(f)
tuarascálacha bainistíochta dá dtagraítear i gCaibidlí 5 agus 6 de Threoir 2013/34/AE lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tuairisciú maidir le hinbhuanaitheacht;
▼B
(g)
ráitis rialachais chorparáidigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2013/34/AE;
(h)
tuarascálacha ar luach sócmhainne nó cuideachta a chinneadh;
(i)
tuarascálacha ar luach saothair amhail dá dtagraítear in Airteagal 9b de Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
);
(j)
tuarascálacha bliantúla nó aon nochtadh faisnéise a cheanglaítear faoi Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
15
);
(k)
meamram agus airteagail chomhlachais.
Is í an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil don eisitheoir a bheidh san fhaisnéis sin.
I gcás nach ndéantar ach codanna áirithe de dhoiciméad a chorprú de réir tagairtí, cuirfear ráiteas isteach sa réamheolaire á rá nach bhfuil na codanna neamhchorpraithe ábhartha don infheisteoir nó go gclúdaítear i gcuid eile den réamheolaire iad.
|
|
Airteagal 19 1a.
|
Féadfar faisnéis nach bhfuil le háireamh i réamheolaire a chorprú trí thagairt sa réamheolaire sin ar bhonn deonach fós, i gcás inar foilsíodh an fhaisnéis sin go leictreonach cheana nó ina bhfoilsítear go leictreonach í an tráth céanna, arna tarraingt suas i dteanga a chomhlíonann ceanglais Airteagal 27 agus i gcás ina gcuimsítear í i gceann de na doiciméid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 19 1b.
|
Ní cheanglófar ar eisitheoir, ar thairgeoir ná ar dhuine atá ag iarraidh go ligfí isteach iad chun trádála ar mhargadh rialáilte forlíonadh a fhoilsiú de bhun Airteagal 23(1) le haghaidh na faisnéise airgeadais bliantúla nó eatramhaí nuair atá réamheolaire bunaidh fós bailí de bhun Airteagal 12(1). I gcás ina bhfoilsítear an fhaisnéis airgeadais nua bhliantúil nó eatramhach sin go leictreonach, féadfar í a chorprú trí thagairt a dhéanamh sa réamheolaire bunaidh i gcomhréir le mír (1), pointe (d), den Airteagal seo. Mar sin féin, beidh eisitheoir, tairgeoir nó duine a iarrann go ligfí isteach urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, beidh sé i dteideal forlíonadh ar an bhfaisnéis sin a fhoilsiú dá dheoin féin.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Agus faisnéis á corprú de réir tagairtí, déanfaidh na heisitheoirí, na tairgeoirí nó na daoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a áirithiú go mbeidh teacht éasca ar an bhfaisnéis sin. Go háirithe, cuirfear liosta crostagartha isteach sa réamheolaire le go mbeidh infheisteoirí in ann míreanna sonracha faisnéise a aithint go héasca, agus beidh hipearnaisc ann chuig na doiciméid uile ina bhfuil faisnéis a corpraíodh de réir tagairtí.
|
|
Airteagal 19 3.
|
I gcás inar féidir, déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte aon fhaisnéis a corpraíodh sa réamheolaire de réir tagairtí a chur isteach i bhformáid leictreonach inchuardaithe, san am céanna leis an gcéad dréacht den réamheolaire a cuireadh chuig an údarás inniúil, agus go cinnte le linn phróiseas athbhreithnithe an réamheolaire, ach amháin má rinne an t-údarás inniúil a bhfuil air an réamheolaire a fhormheas an fhaisnéis sin a fhormheas cheana nó má comhdaíodh í leis an údarás sin cheana.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Féadfaidh ÚEUM, nó sa chás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an liosta doiciméad a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a nuashonrú trí chineálacha eile doiciméad a áireamh ann, ar doiciméid iad a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais atá le comhdú le húdarás poiblí nó le bheith formheasta aige.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|