+Airteagal 20 8.

Airteagal 20 8.

Arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir, nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an nós imeachta formheasa i ndáil le réamheolaire a aistriú chuig údarás inniúil i mBallstát eile ar choinníoll go dtugtar fógra roimh ré do ÚEUM agus go gcomhaontaíonn an t-údarás inniúil eile sin leis an aistriú sin. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile na doiciméid chomhdaithe a aistriú i bhfoirm leictreonach chuig údarás inniúil an Bhallstáit eile, mar aon leis an gcinneadh uaidh an t-aistriú a dheonú, ar lá céanna an chinnidh. Cuirfear an t-aistriú sin in iúl, laistigh de thrí lá oibre ón dáta a dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh, don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Beidh feidhm ag teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 agus i mír 3 amhail ón dáta a ghlacann údarás inniúil an Bhallstáit baile an cinneadh. Ní bheidh Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 infheidhme maidir le formheas an réamheolaire a aistriú i gcomhréir leis an mír seo. Nuair a bheidh aistriú an nós imeachta formheasa críochnaithe, measfar gurb é údarás inniúil ar aistríodh an nós imeachta formheasa chuige údarás inniúil an Bhallstáit baile i ndáil leis an réamheolaire sin chun críocha an Rialacháin seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.